Daingean Uí Chúis réidh don dúshlán deiridh i bPáirc an Chrócaigh

Cóilín Duffy

Beidh súile phobal peile na tíre ar fad ar Pháirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh Daingean Uí Chúis aghaidh ar Naomh Bríd ó Chontae Ros Comáin i gcluiche ceannais uile-Éireann chraobh AIB na gclub sa pheil. Craolfar an cluiche beo ar TG4. Don chlub Gaeltachta as Corca Dhuibhne, is buaicphointe stairiúil eile é ar thuras a thosaigh blianta fada ó shin.

Ag labhairt dó le An Páipéar, dúirt Mícheál Geaney go bhfuil atmaisféar thar a bheith dearfach timpeall an chlub ó tháinig siad slán as an gcluiche leathcheannais. 

“Tá fuadar agus spleodar ollmhór sa bhaile ó na cluichí leathcheannais,” a dúirt sé. “Bhuaigh an dá fhoireann ar bhealach drámatúil agus mhothaigh tú láithreach go raibh rud éigin speisialta ag tarlú. Tá bratacha agus dathanna an chlub ar fud an bhaile, tá spraoi agus magadh ann. Ach ag an am céanna tá gnó tromchúiseach le déanamh.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.