Cruinniú rathúil acu leis an Choimisinéir Gaeilge Pól Deeds agus dóchas acu ina dhiaidh
Tá an Cumann Gaelach ag ullmhú fá choinne Fhéile Mhic Artúir, féile a dhéanann ceiliúradh ar Liam Mac Artúir, a bhunaigh an Cumann Gaelach in 1906 ag Ollscoil na Banríona.
In ainneoin an cheiliúrtha a bheas ag tarlú ag deireadh na míosa, tá An Cumann fós ag coinneáil súil ar chúrsaí teagna sna sé chontae agus an troid ar son cearta teanga ar champas ag dul ar aghaidh.
Labhair Eoghan Ó Conghaile, Oifigeach Feachtasaíochta an Chumainn, le An Páipéar, faoin fheachtas.
‘Tá an Cumann Gaelach i mbun feachtasaíochta ar son polasaithe cuimsitheacha,’ a dúirt sé. ‘Ní hamháin comharthaíocht, ach féiniúlacht chorparáideach na hollscoile a athrú ar bhonn dátheangach.’
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!