Ceithre thionscadal Gaeilge ó Choláiste Naomh Eoin ag croílár an Eolaí Óig 2026

Cóilín Duffy

Bhí ról fíorthábhachtach ag Coláiste Naomh Eoin ó Inis Meáin i mbliana ag Taispeántas an Eolaí Óig, áit ar chuir an scoil ceithre thionscadal as Gaeilge faoi bhráid an chomórtais, éacht ar leith don aon Ghaelscoil sa tír a rinne amhlaidh i mbliana. Ní hamháin sin, ach ba é Coláiste Naomh Eoin an t-aon Ghaelscoil a bhain Duais na Gaeilge agus gradam mór eile amach chomh maith, nuair a bhuaigh Solomon Ó Gilasáin an Gradam Foriomlán Teicneolaíochta lena thionscadal nuálach faoin athchruthú canúna trí intleacht shaorga.

Ba é togra Solomon AIRID: Ó Chartlann go hAlgartam — canúintí dhíothaithe na Gaeilge a athchruthú le hintleacht shaorga, a bhuaigh an dá ghradam. Rinne an tionscadal iniúchadh ar conas is féidir le córas nua bunaithe ar mheaisínfhoghlaim agus ar athchruthú fóinéiteach frásaí agus fuaimeanna canúna a atógáil ó chartlanna fuaime agus ó chainteoirí dúchais. Cruthaíodh acmhainn dhigiteach a nascann an traidisiún teanga leis an teicneolaíocht chomhaimseartha, rud a bhfuil luach ollmhór cultúrtha agus oideachasúil leis.

Chloe Ní Chonghaile, scoláire sa chúigiú bliain, a chuir an dara tionscadal aonair ó Choláiste Naomh Eoin faoin teideal Fisic Acústaic na Stoirme. Rinne sí staidéar ar an bhféidearthacht fuaimrian agus fuinneamh na dtonn a thomhas le linn stoirmeacha agus na sonraí sin a úsáid chun creimeadh cósta a thuar.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.