
Tá rialtas Donald Trump tar éis a chogaíocht agus an idirghabháil a threisiú ó ghlac sé cumhacht an bhliain seo caite. Tá líon na n-ionsaithe dróin atá á ndéanamh ag SAM sa Mheán-Oirthear imithe i líonmhaire. Tá Trump tar éis seasamh gualainn ar ghualainn le Netanyahu agus na billiúin a chur ina threo chun cinedhíothú a chur i gcríoch sa Phalaistín. Tá sé tar éis Nicolás Maduro a fhuadach go mídhleathach. Tá sé tar éis bagairt go heacnamaíoch ar go leor tíortha.
Ní raibh gíog ná míog as ceannairí na hEorpa agus na gníomhartha seo uile ar bun ag Trump. Go deimhin, thacaigh siad le sárú an dlí idirnáisiúnta agus flaithis stáit nuair a d’fháiltigh siad roimh fhuadach Maduro. Ach, anois, iontas na n-iontas, tá bagairt á déanamh aige ar fhlaitheas tíre eile, an Ghraonlainn, atá dar ndóigh faoi smacht coilíneach na Danmhairge. Ach is scéal é sin d’am eile.
Is fiú súil a chaitheamh siar ar an stair, féachaint ar éirigh leis an gcineál cur chuige seo san am a chuaigh thart nuair a bhí “fear láidir”, faisisteach, i gcumhacht ar thír mhór chumhachtach. Is éard atá san fhaisisteachas ná an caipitleachas ag meath. Nuair a bhíonn géarchéim eacnamaíochta sa chaipitleachas éiríonn údarasaíochas as. Tá géarchéim ann i gcóras caipitleach Meiriceá de bharr na héagothromaíochta.
Níl an córas in ann caighdeán saoil maith, córas leighis cothrom ná fostaíocht bhuan a sholáthar do thomháilteoirí (nó saoránaigh, más maith leat) na tíre a thuilleadh.Is é sin an phríomhchúis ábharaíoch le teacht in inmhe na heite deise i bhfad amach agus Trump i SAM. Tá cúiseanna cultúrtha, polaitiúla agus staire ann chomh maith dár ndóigh, ach is é an bhunfhadhb ná go bhfuil Trump tar éis “freagra” a thabhairt ar an teip seo. Tá sé tar éis bob a bhualadh ar go leor Meiriceánach ag maíomh go dtabharfadh sé dúshlán don chóras seo, cé gur caipitleach díograiseach agus billiúnaí é féin.
Fear eile a thug “freagra” simplí do dhream a bhí ag streachailt go heacnamaíoch i ndiaidh géarchéim chaipitleach dhomhanda, Spealadh Mór na 1930í, ná Adolf Hitler. Chuir Hitler an milleán ar na Giúdaigh go príomha, agus tuigeann muid an toradh a bhí air sin. Ach, níor tháinig Hitler i gcumhacht thar oíche agus níor éirigh leis an Ghearmáin a láidriú go míleata thar oíche ach oiread.
Ba pholasaí é géilleadh chun síthe a chuir an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc chun cinn, agus a bhí ar na cúiseanna ba mhó gur éirigh le Hitler an chuid is mó de Mhór-Roinn na hEorpa a fhorghabháil faoin mbliain 1940.
Theip ar an bpolasaí sin mar go ndearnadh beag is fiú de spriocanna Hitler, níor tuigeadh a straitéis, agus ligeadh don Ghearmáin bonn láidir míleata a chur faoi. Chreid an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc go bhféadfadh an polasaí an tsíocháin a chinntiú, ach a mhalairt a tharla agus spreagadh tuilleadh ionsaithe.
D’eascair an polasaí géilleadh chun síthe as slad an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cogadh caipitleach eile. Bhí an Bhreatain agus an Fhrainc, ainneoin gur bhuaigh siad an cogadh le cabhair Mheiriceá, fós ag athfhorbairt go heacnamaíoch agus go sóisialta. Creideadh go bhféadfaí rudaí áirithe a ghéilleadh go Hitler chun coimhlint eile a sheachaint.
Dá dtabharfaí cead do Hitler “cúiseanna gearáin dlisteanacha” a réiteach, mar shampla leasú a dhéanamh ar Chonradh Versaille, bheadh bonn maith faoin tsíocháin ar an Mór-Roinn. Ach ba é an chiall a bhain Hitler as na lamháltais a tugadh dó ná gur buanna a bhí iontu agus go raibh an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc lag.
Ba bhliain chinniúnach í 1936. Rinne Hitler athmhíleatú ar Dhúiche na Réine. Bhí ceart dlíthiúil ag an bhFrainc idirghabháil a dhéanamh ach bhí siad idir dhá chomhairle. Ba é an chomhairle a thug an Ríocht Aontaithe ná seasamh siar. D’admhaigh Hitler ar ball go dtarraingeodh sé fórsaí na Naitsithe amach as an gceantar dá mba rud é go ndearna an Fhrainc freasúra a léiriú. Ach, mar a tharla, thug an easpa freagra uchtach dó.
Ba é an Anschluss, aontú na hOstaire leis an nGearmáin, an chéad chor eile in 1938. Arís, níor glacadh aon seasamh ina choinne. Ina dhiaidh sin tharla an eachtra ba náirí, Comhaontú München in 1938. Ghéill an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe d’éileamh Hitler an Sudentenland a ghabháil ar an tuiscint gurb é sin “an ghabháil dheireanach talaimh” a bheadh aige. D’fhill Príomhaire na Ríochta Aontaithe, Neville Chamberlain, ar Londain agus d’fhógair gur baineadh amach “síocháin dár ré”. Ach ní raibh baol ar bith, faoin staid sin, go stopfadh Hitler ag leathnú ríogacht, nó reich, na Naitsithe.
Bhris Hitler Comhaontú München an bhliain dár gcionn, 1939, nuair a rinne sé forghabháil ar an gcuid eile den tSeicslóvaic. Ba é seo an tráth ar léiríodh gur teip iomlán a bhí sa pholasaí géilleadh chun síthe. Bhí sé soiléir, ar deireadh thiar thall, nach raibh teorainn le spriocanna Hitler agus nach bhféadfaí idirghabháil a dhéanamh leis. Theastaigh forlámhas uaidh agus b’in sin.
Ach go míleata agus go tíreolaíoch faoin tráth sin bhí an Ghearmáin tar éis leathnú amach, tuilleadh acmhainní a thógáil, agus buntáistí straitéiseacha a chruthú gan fiú urchar amháin a scaoileadh.
Lagaigh an polasaí géilleadh chun síthe comhghuaillíochtaí a d’fhéadfadh forbairt chomh maith. Chonaic an tAontas Sóivéadach drochsheasamh na Fraince agus na Ríochta Aontaithe i leith Hitler agus síníodh Comhaontú Molotov-Ribbentrop leis an nGearmáin i Lúnasa 1939, chun am a thabhairt do na Sóivéadaigh a bhfórsaí a réiteach chun cogaidh.
Nuair a chuaigh Hitler isteach sa Pholainn ar an 1 Meán Fómhair 1939, d’fhógair an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc cogadh ar an nGearmáin ar deireadh. Ach faoin tráth sin bhí an Ghearmáin i bhfad ní ba láidre ná mar a bheidís dá dtabharfaí freasúra ceart ón tús.
Theip ar an ngéilleadh chun síthe mar go raibh míthuiscint ann faoi idé-eolaíocht Hitler agus a thoilteanas leas a bhaint as an lámh láidir. Tá an ceacht soiléir. Ní éiríonn leis an ngéilleadh d’iompar bagrach leathnaithe. A mhalairt atá fíor, nuair a ghéilltear tugtar uchtach don té atá ag bagairt.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.