
Bhí slua mór bailithe taobh amuigh de na Cúirteanna Ríoga um Cheartas Dé Céadaoin chun tacaíocht a thabhairt do Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den rapghrúpa Kneecap. Bhí JJ O’Dochartaigh, ar a dtugtar DJ Provaí, agus bainisteoir an ghrúpa Daniel Lambert i láthair freisin.
Léirigh Teachtaí Parlaiminte Bhéal Feirste, John Finucane agus Paul Maskey, a dtacaíocht do Kneecap taobh amuigh den chúirt. Dhearbhaigh siad dlúthpháirtíocht le hÓ hAnnaidh agus cháin siad achomharc rialtas na Ríochta Aontaithe.
Lá fada a bhí ann sa chúirt Dé Céadaoin, le fianaise a chualathas ón dá thaobh. Dúirt an Breitheamh Onórach Edis agus an Breitheamh Linden go dtabharfaidís a mbreithiúnas ag dáta níos déanaí agus go bhfuil go leor fianaise ann le machnamh a dhéanamh uirthi.
Roinn an grúpa ráiteas ar Instagram tráthnóna Dé Céadaoin ag cur a gcuid frustrachais in iúl. “Seachmall eile a bhí ann inniu ó chomhpháirteachas rialtas na Ríochta Aontaithe sa chinedhíothú. Inniu mharaigh Iosrael níos mó Palaistíneach. Scriosadh tuilleadh tithe agus maraíodh níos mó páistí mar gheall ar an bhfuacht agus an easpa cúnaimh, cúnamh nár cheadaigh Iosrael dul isteach.”
Ina theannta sin dúirt an grúpa gur cur amú ama agus airgead poiblí é an lá. Meastar gur breis agus milliún punt caite chun dlúthpháirtíocht le híospartaigh an chinedhíothaithe a chur ina dtost ar ordú polaiteoirí agus grúpaí brú. Ghabh siad buíochas leis an bhfoireann dlí agus le lucht tacaíochta ar fud an domhain, agus rinneadh achainí cuimhneamh ar phríosúnaigh atá ar stailc ocrais agus tacú leo. Chríochnaigh siad a ráiteas le “Saoirse don Phalaistín, saoirse do 24 Filton, saoirse do na 6 chontae.”
Cúisíodh Ó hAnnaidh, ar a dtugtar Mo Chara, as bratach Hezbollah a thaispeáint ag léiriú i mí na Samhna 2024. Bheartaigh an Príomh-Ghiúistís nach raibh an cás incháilithe le triail mar gheall ar locht teicniúil sa chúiseamh rialaigh i mí Mheán Fómhair 2025. Rinne rialtas na Breataine achomharc ina choinne a cuireadh ar ceal roimhe seo.