Caitríona Nic an tSaoir: idir oideachas, craoltóireacht agus phobal, guth ilghnéitheach TG4

Cóilín Duffy

Caitríona Nic an tSaoir
Grianghraf: Martina Regan

Tá Caitríona Nic an tSaoir ar dhuine de na pearsana sin ar TG4 a aithníonn an pobal go rialta, mar láithreoir aimsire, mar láithreoir leanúnachais, mar bhall den fhoireann meán sóisialta, agus mar ghníomhaí margaíochta don chainéal. Is ról ilghnéitheach agus dinimiciúil é a cheanglaíonn craoltóireacht, cumarsáid agus pobal i slí ar leith.

Sular thosaigh sí le TG4 bhí cúlra aici mar mhúinteoir, taithí a deir sí a chabhraíonn go mór léi ina cuid oibre reatha. “Múineann an teagasc duit conas labhairt go soiléir, conas daoine a mhealladh isteach sa scéal, agus conas rudaí a mhíniú ar bhealach atá sothuigthe agus nádúrtha,” a dúirt Caitríona le An Páipéar. “Úsáidim na scileanna sin gach lá, bíodh sé os comhair an cheamara, agus mé ag scríobh scripte, nó ag plé leis an bpobal ar líne.”

Tá Caitríona lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe, agus deir sí go dtugann sé sin fíorchiall agus fréamh don obair, “Tá an Ghaeilge beo thart timpeall ort,” a deir sí, “ní hamháin mar theanga oibre ach mar theanga phobail, agus mothaíonn tú go bhfuil tú ag obair ar son rud atá níos mó ná tú féin.”

Ní hamháin go mbíonn sí le feiceáil ar an scáileán, ach tugann a ról deis di bualadh leis an bpobal go díreach ag ócáidí ar nós an Oireachtais agus na Fleidhe Ceoil, agus freastal ar imeachtaí móra eile ar nós Ghradaim IFTA. 

“Is breá liom an ghné sin den phost,” a deir sí. “Feiceann tú an lucht féachana aghaidh ar aghaidh agus tuigeann tú cé dó a bhfuil tú ag obair.”

Tagann a scéal ag am a bhfuil TG4 ag iarraidh painéal nua láithreoirí aimsire, leanúnachais agus meán sóisialta a earcú. Is obair pháirtaimseartha ar chonradh painéil atá i gceist, lonnaithe i mBaile na hAbhann, agus beidh an té a roghnófar ag plé le láithreoireacht ar an teilifís agus ar líne, le scripteanna a scríobh agus a ghuthú, le faisnéis aimsire a chur i láthair, agus le hionadaíocht a dhéanamh do TG4 ag ócáidí poiblí.

Is ar an bpainéal seo a thosaigh go leor ainmneacha móra ar TG4, Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Dáithí Ó Sé agus Páidí Ó Lionáird ina measc.

Cuirfear cúrsa oiliúna ar fáil do na hiarrthóirí a ghearrliostófar ón 16  go dtí an 20 Feabhra 2026 i gcomhpháirt le Gréasán na Meán, agus roghnófar beirt ansin le tréimhse taithí oibre a dhéanamh i TG4.

“Má tá Gaeilge den scoth agat agus fonn ort í a úsáid go poiblí agus go cruthaitheach,” a deir Caitríona, “seo seans fíor chun do bhealach féin a dhéanamh sna meáin.”

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.tg4.ie/foluntais. Is é an spriocdháta d’iarratais an 17 Eanáir 2026. Iarrtar ar iarrthóirí mír físe nóiméad ar fhad agus CV a sheoladh chuig cv@tg4.ie.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.