Foilsíodh torthaí Oibríocht Kenova Dé Máirt agus tá ceisteanna fós ann.
I ndiaidh costas £40 milliún agus naoi mbliana tá fiosrúchán Kenova i ndiaidh teacht chun críche.
Foilsíodh an tuairisc 160 leathanach Dé Máirt agus is é an tátal atá le baint as an tuairisc ná go bhfuil níos mó ceisteanna le freagairt ag rialtas na Ríochta Aontaithe maidir lena n-oibríochtaí le linn an chogaidh ó thuaidh.
Cé gur foilsíodh an tuairisc iomlán Oibríocht Kenova, níor foilsíodh tuairisc Denton ina hiomláine. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh díomá air nár foilsíodh an tuairisc ina hiomláine.
San achoimre ar Denton, deir sé nach raibh aon fhianaise ann go raibh comhoibriú idir fórsaí slándála na Ríochta Aontaithe agus Óglaigh Uladh i mbuamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin in 1974.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!