De réir na pobalbhreithe is déanaí tá Sinn Féin agus an PAD ar an leibhéal is ísle le 20 bliain
Rinneadh taighde i mí na Samhna ar son Institiúid an Léinn Éireannaigh ag Ollscoil Learphoill a léiríonn go bhfuil titim sa tacaíocht don dá pháirtí is mó sna sé chontae ón toghchán in 2022.
Léiríonn an taighde, áfach, go bhfuil méadú beag tagtha ar Shinn Féin agus an PAD ón phobalbhreith is déanaí ó LucidTalk i mí Dheireadh Fómhair.
De réir na pobalbhreithe ó Ollscoil Learphoill tá Sinn Féin ar 25.3%, titim 3.7% ón toghchán in 2022. Tá an PAD ar 19.2%, titim 2.1% ó 2022.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!