Anois agus grianstad an gheimhridh ag teacht is fiú breathnú ar Shí an Bhrú, an áit a ndéantar an ceiliúradh is mó in Éirinn ar ghrianstad an gheimhridh

Caoimhín Ó Cadhla

Is é Sí an Bhrú an foirgneamh is sine in Éirinn. Tá sé suite ar Bhrú na Bóinne ag breathnú ar abhainn na Bóinne, gar go leor do Dhoichead Átha. Tá Cnóbha agus Dubhadh mar chuid de choimpléasc Bhrú na Bóinne. Tógadh é thart ar 3100 Roimh Chomh-Ré. Tá sé níos sine ná pirimidí na hÉigipte agus Stonehenge.

I mbailiúchán na scol de chuid Choimisiún Béaloideas Éireann tá taifead ó 1937 ar chur síos ar ábhair a úsáideadh chun Brú na Bóinne a thógáil. Luaitear go bhfuarthas clocha ó na Beanna Boirche. Ach is é an rud spéisiúil faoi sin ná ní go dtí 1962 nuair a thosaigh an chéad tochailt seandálaíochta go raibh a fhios ag na seandálaithe cén áit as ar tháinig na clocha.

Ní hamháin sin, sa bhéaloideas deirtear go lonraíonn Véineas uair gach ocht mbliana ar Shí an Bhrú. Dhearbhaigh seandálaithe sin sna 1960í chomh maith.

Ní Sí an Bhrú an t-aon áit in Éirinn a ndéantaí grianstad an gheimhridh a chomóradh. I measc áiteanna eile tá an Cnoc Rua, liagchiorcal an Droma Bhig, Áth Gréine, Gleann Eidhneach, Coill an Daingin, carn Loch Craobh, tuama pasáiste Shliabh gCuillinn, galláin Bhaile Trá, tuama pasáiste Ros Eo, an Bheitheach Mhór agus sraith gallán Ascailleán. Léiríonn sé seo go raibh grianstad an gheimhridh á chomóradh go forleathan timpeall na tíre.

Cúpla bliain ó shin rinne eolaithe anailís ghéiniteach ar chnámha a fuarthas istigh i Sí an Bhrú. Fuair siad amach gur bhain na cnámha le fear ar dheartháir agus deirfiúr iad a thuismitheoirí. Dúirt seandálaithe áirithe gur féidir go raibh ríshliocht ann ar chreidtí gur déithe a bhí iontu, mar a bhí san Éigipt. Ach níl ansin ann ach tuairim agus ní aontaíonn seandálaithe eile leis seo.

Rinne go leor ársaitheoirí taighde ar Bhrú na Bóinne ar feadh na mblianta, ina measc Edward Lhuyd, an scoláire a chruthaigh an Léann Ceilteach, agus an scoláire Gaeilge Seán Ó Donnabháin.

Deirtear go bhfuil Sí an Bhrú ina thairseach go dtí an t-alltar, an saol úd eile, ina bhfuil na Tuatha Dé Danann ag maireachtáil.  

Tá scéal ann go raibh dúil ag dia, an Daghdha, sa bhandia Bóinn, ach go raibh sí ina cónaí lena fear céile Elcmhar ag Sí an Bhrú.  D’éirigh leis an Daghdha Elcmhar a chur as Brú na Bóinne ar feadh lá amháin. Bhí caidreamh collaí aige le Bóinn agus d’éirigh Bóinn torrach. Bhí mac ag Bóinn darb ainm Aenghas nó Macán Óg. De réir teoiric amháin nuair a bhuaileann solas na gréine (an Daghdha) seomra inmheánach Shí an Bhrú (broinn (nó brú) Bhóinne) stopann bogadh na gréine. Is as sin a thagann an focal ‘grianstad’ a cheaptar. Tá teoiric eile ann gur léiriú é gineadh Aenghais ar athbhreith na gréine ag grianstad an gheimhridh, agus an dia nua Aenghas ag tógáil seilbh ar Bhrú na Bóinne ón seandia Elcmhar. Ceaptar gur ainm eile é Elcmhar ar an dia Nuadhu.  Má tá sin fíor bhí fios ag pobal na háite faoi úsáid na háite ar feadh na mílte bliain.  

Tá scéal ann faoi Dhubhadh. D’iarr Breasal ar mhuintir na tíre túr a thógáil a rachadh suas chun na spéire laistigh de lá amháin. D’éirigh le deirfiúr Bhreasail ortha a chruthú chun stad a chur leis an ghrian ionas go mairfeadh an lá níos faide. Ach tharla ciorrú coil nuair a luí Breasal lena dheirfiúr, agus mar gheall air sin briseadh an ortha. Tháinig luí na gréine agus d’imigh na tógálaithe agus is as sin a thagann an focal ‘Dubhadh’, ag tagairt don dorchadas a tháinig. Tá an caidreamh collaí idir deartháir agus deirfiúr sa scéal seo ag teacht leis an anailís ghinéiteach a rinneadh ar na cnámha a fuarthas i Sí an Bhrú.

Tá tagairtí sa bhéaloideas go raibh Brú na Bóinne bán nó lonrach ar an bharr, nó go raibh go leor soilse ann. Ceapann seandálaithe áirithe go bhfuil na tagairtí sin ag déanamh cur síos ar an ngrianchloch lonrach atá ar Bhrú na Bóinne.   

I scéal eile, nuair a fuair Aenghas amach gurbh é an Daghdha a athair, d’iarr sé air píosa talún a thabhairt dó. Chuidigh an Daghdha le hAenghas Brú na Bóinne a fháil trí chleasaíocht a imirt ar Elcmhar. D’iarr Aengus ar Elcmhar Brú na Bóinne a thabhairt dó ar feadh ‘lá agus oíche’. Cheadaigh Elcmhar iarratas Aenghais, ach nuair a fuair Aenghas Brú na Bóinne dúirt sé le hElcmhar go bhfuil gach lá mar lá agus oíche, agus mar sin is leis é go buan anois.  D’ainmnigh sé an brú Brú Mhic an Óig dá bharr sin.

In Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, nuair a fhaigheann Diarmuid bás tógann Aenghas a chorp go Brú na Bóinne.    

Go traidisiúnta i gcultúr na nGael ní dhéantar ceiliúradh ar ghrianstad an gheimhridh. Is léir, mar sin, go mbaineann an creideamh a bhí á chleachtadh ag Brú na Bóinne le cultúr níos sine ná cultúr na nGael. B’fhéidir go bhfuil Lá an Dreoilín ina iarsma den chreideamh níos sine sin, de bharr nach féile thine Ghaelach í.

Tá súil agam gur thug na scéalta agus an t-eolas seo inspioráid duit grianstad an gheimhridh a cheiliúradh cibé áit a bhfuil tú.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.