Scannal Pháirc Herzog agus slíbhíní na hÉireann

An Dr Kerron Ó Luain

Pháirc Herzog, Baile Átha Cliath

Tá feachtas ar bun le roinnt seachtainí anuas ag Síónaigh Iosrael, i gcomhpháirt le polaiteoirí áirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, brú a chur ar rialtas Bhaile Átha Cliath a ladar a chur isteach i gcinneadh faoi athainmniú Pháirc Herzog i mBaile Átha Cliath. 

Ba cheannaire míleata Síónach agus coirpeach cogaidh Chaim Herzog, an séú hUachtarán ar Iosrael idir 1983 agus 1993. Dár ndóigh, tá a seacht ndícheall déanta ag Síónaigh an lae inniu an dubh a chur ina bhán agus a rá gurb ionann an Síónachas agus an “frith-Sheimíteachas”. Ar an drochuair, d’éirigh leis an gcur chuige seo ó chuir an Taoiseach Micheál Martin brú ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CCBÁC) dul siar ar an gcinneadh faoin bpáirc a athainmniú. 

Thiar i mí Aibreáin i mbliana chuaigh baill de Chumainn 1916 agus Éirígí i mbun gníomh díreach nuair a chlúdaigh siad comhartha na páirce le ceann a léirigh “Páirc Hind Rajab”, in ómós don chailín cúig bliana d’aois a mharaigh fórsaí Iosrael ar an 29 Eanáir 2024. Cuireadh achainí in airde ar líne chun tacú leis an bhfeachtas a ghnóthaigh nach mór 7,000 síniúchán.

Ina dhiaidh sin, i mí Iúil, ghlac Coiste Comórtha agus Ainmniúchán CCBÁC cinneadh an pháirc a athainmniú. Ach, faraor, tá sin caite i dtraipisí anois ar phointe “teicniúil”, mar dhea, de bharr nár cloíodh leis na “próisis chearta athainmnithe”. 

Ach, is léir go raibh tionchar ag Micheál Martin ar chúrsaí agus ní mór an eachtra seo a thuiscint sa chomhthéacs níos leithne ina bhfuil Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil caite i leataobh chomh maith, is cosúil. Is stát vasáilleach é stát na sé chontae fichead a chloíonn le mianta an tiarna, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus ní haon chabhair é go bhfuil an geilleagar go hiomlán dírithe, a bheag nó a mhór, ar infheistíocht na hollchomhlachtaí ilnáisiúnta Meiriceánacha.

Chun údar a thabhairt don aisiompú ar an gcinneadh faoi Pháirc Herzog tá ceap magaidh déanta den fhírinne agus den stair. Mhaígh an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Neale Richmond, gur “fear maith” a bhí in Herzog. Ach, cérbh é Chaim Herzog, an “fear maith” seo?

Rugadh Chaim Herzog ag 2 Norman Villas ar Bhóthar Cliftonville i mBéal Feirste. Ba mhac é leis an Rabbi Yitzhak HaLevi Herzog, Ard-Raibí na hÉireann idir 1919 agus 37. Bhog an chlann go Baile Átha Cliath agus Chaim Herzog an-óg.

In 1935 d’fhág Chaim Herzog Baile Átha Cliath chun bheith ina lonnaitheoir agus coilínitheach sa Phalaistín. Go luath i ndiaidh dó teacht i dtír ghlac sé ballraíocht sa ghrúpa sceimhlitheoireachta Síónach an Haganah. Ghlac an grúpa sin páirt i gcur faoi chois agus dúnmharú na ndaoine dúchasacha le linn Éirí Amach na nArabach in 1936-38.

In 1938 bhog Herzog go Sasana chun staidéar a dhéanamh ar an dlí. Nuair a bhain sé a chéim amach chuaigh sé isteach in arm na Breataine agus ansin isteach sa chór faisnéise in 1943 le linn an Dara Cogadh Domhanda. Seoladh Herzog chun na Normainne i mí Iúil 1944, agus ghlac sé páirt in oibríochtaí sa Fhrainc, sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin. Ina theannta sin bhí sé páirteach i saoradh roinnt campaí géibhinn Naitsíocha.

D’ainneoin a thaithí ag troid i gcoinne na Naitsíoch d’fhill Herzog ar an bPalaistín in 1948 agus ghlac sé páirt go fonnmhar sa Nakba, tréimhse glanta eitnigh inar mharaigh fórsaí Iosrael thart ar 15,000 Palaistíneach. I rith na tréimhse céanna, rinne Iosrael agus grúpaí ar nós Haganah, inar ghlac Herzog páirt arís i ndiaidh dó filleadh, díláithriú ar 750,000 Palaistíneach agus rinne siad scrios ar suas le 500 sráidbhaile. Ghlac Herzog féin páirt i ndíláithriú agus scrios ar a laghad trí shráidbhaile.

Chreid ceannairí míleata Iosrael gur bua a bhí i dtaithí Herzog ar chúrsaí faisnéise. Cuireadh i bhfeighil é ar oibríochtaí spiaireachta i gcoinne Choiste Speisialta na Náisiúin Aontaithe ar an bPalaistín. Idir 1954 agus 57 bhí Herzog ina cheannasaí ar fhórsaí “cosanta” Iosrael i gceantar Iarúsailéim agus ina cheannaire ar Ghrúpa an Deiscirt idir 1957 agus 59.

D’fhill Herzog ar chúrsaí faisnéise ina dhiaidh sin sular cceapadh é mar an chéad hhobharnóir míleata ar an mBruach Thiar agus Oirthear Iarúsailéim in 1967. Faoina cheannasaíocht scriosadh an ceantar ársa ar a nglaoitear an Cheathrú Mharacach agus deineadh glanadh eitneach ar 200,000 Palaistíneach. Lena ais sin, cuireadh feachtas feallmharaithe i gcoinne na bPalaistíneach ar bun ag seicphointí agus crosálacha teorann.

Ceapadh Herzog ina uachtarán ar Iosrael in 1983. Le linn a réime thug sé pardún do neart sceimhlitheoirí Síónacha agus ceapadh polasaí faoina cheannas Palaistínigh a scaoileadh marbh chomh maith.

I measc na sceimhlitheoirí ar thug Herzog pardún dóibh bhí triúr ball de na Giúdaigh faoi Thalamh, Menachem Livni, Uzi Sharbaf agus Shaul Nir, i measc roinnt eile, a dhúnmharaigh ceithre Phalaistínigh le linn a bhfeachtas. Rinne siad buamáil ar charranna méaraí ar na ceantair Phalaistíneacha, agus, sa mhullach air sin, scaoil siad urchair ar mhic léinn Phalaistíneacha in Ollscoil Hebron in 1983 inar mharaigh siad triúr agus ghortaigh siad os cionn tríocha.

Mar sin, is léir ó thús deireadh go raibh baint lárnach ag Herzog i gcinedhíothú a dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne, i dtacú le córas coilíneach agus cinedheighilte stát Iosrael tar éis a bhunaithe, agus i bpardún a thabhairt do choireanna sceimhlitheoireachta dreamanna antoisceacha. D’aithin ciaróg ciaróg eile i gcás na bpardún is léir.

Is raiméis críochnaithe neamhstairiúil  é a rá gur “frith-Sheimíteachas” seasamh i gcoinne ómós a thabhairt dá leithéid de dhuine. Éilíonn an ceart agus an chóir gur mithid ainm na páirce a athrú ó Pháirc Herzog. Ba chóir go mbeadh náire ar shlíbhíní na hÉireann a ghéill do brú na Síónach agus na bPoncánach.

Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.