
Cloisimid go minic faoin ord domhanda bunaithe ar riail an dlí. Bunphrionsabail na dtíortha atá i gcomhghuaillíocht an Iarthair, a deirtear; bunchloch an nualiobrálachais i gcomparáid le hainriail uathlathach frithdhaonlathach mar an Rúis agus an tSín.
Ach céard is brí le riail an dlí i ndáiríre? Cé a chumann na dlithe agus cén t-údarás a cheadaíonn iachall a chur ar stáit cloí leis na rialacha céanna?
Mar a tharlaíonn tá dhá shampla á n-oibriú amach os comhair ár súl i láthair na huaire féin.
Sa chéad áit tá sraith ionsaithe déanta ag Meiriceá ar Veiniséala, agus bagairt láidir ann go ndéanfar ionradh ar an tír. Tá ochtó duine maraithe ag Meiriceá agus iad i mbáid bheaga ar an mórmhuir.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!