Martin slán go dtí deireadh na bliana seo chugainn

Eoin Ó Murchú

D’éirigh le Micheál Martin na cosa a thabhairt leis i ndiaidh cruinniú de pháirtí parlaiminteach Fhianna Fail, ach ar éigean. Níl míshástacht sa pháirtí leis cealaithe, ach curtha ar fionraí.

Is cosúil ag an bpointe seo go bhfanfaidh Martin mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil go dtí deireadh a ré ag críoch 2026 agus deireadh uachtaránacht Éireann ar an Aontas Eorpach.

Tá páirtí parlaiminte Fhianna Fáil roinnte ina thrí chuid. Ar dtús, b’fhéidir timpeall 29 de na 71 bhall, agus iad naimhdeach nó tuirseach de cheannaireacht Mhartin.

Ar an taobh eile, tá vóta an phárolla, is é sin na baill a bhfuil post mar aire, mar aire stáit nó mar chathaoirleach coiste acu. Sin 24 eile, cé nach dócha go seasfadh chuile dhuine acusan le Martin dá mbeadh vóta rúnda ann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.