London Irish Brigade ag léiriú dlúthpháirtíocht i Londain le cimí ar stailc ocrais

Diarmuid Breatnach

Ghlac London Irish Brigade páirt i mórshiúl oifigiúil chun dlúthpháirtíocht a léiriú le cimí Palaistíneacha i Londain Dé Sathairn an 29 Samhain. Bhí siad mar ghrúpa ar leith ag máirseáil lena mbratach féin agus le fógraí sonracha ag tacú le príosúnaigh pholaitiúla atá ar stailc ocrais.

Sheas an grúpa ar leith taobh leis an mórshiúl nuair a bhí an slua ag bailiú chun an bhratach agus na fógraí a thaispeáint, agus chuaigh siad isteach sa mhórshiúl agus é ag bogadh ar aghaidh, agus chuaigh siad go tús an tslua ag an slógadh ag deireadh na mhórshiúil.

Grúpa leathan neamhfhoirmiúil is ea London Irish Brigade a bhunaigh gníomhaithe Éireannacha i Londain i ndlúthpháirtíocht leis an bPalaistín. Bhí an grúpa gníomhach go soiléir ag an gcuid is mó de na hagóidí i Londain, mura raibh siad ag gach ceann acu, chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an bPalaistín. Bhí siad i láthair freisin nuair a bhí Kneecap ag freastal ar a gcásanna cúirte. Feictear go minic iad ina measc bhratacha na Palaistíne agus an mana ‘Saoirse don Phalaistín’ os cionn bhratach thrídhathach na hÉireann agus uaireanta bratach an Chéachta agus na Réaltaí freisin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.