
Tá na meáin lán le scéalta faoi bhagairt Rúiseach ar an tír seo, agus dróin a fuarthas in aice le bealach eitilte Volodomyr Zelenskyy nuair a thug sé cuairt ar Bhaile Átha Cliath.
Deir an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go lom nach díograiseoir i gcúl gairdín a sheol na dróin ar ábhar buartha iad, ach gur dóichí go raibh siad nasctha le ‘bagairt chomhordaithe’ i gcoinne leasanna na hEorpa.
Dhiúltaigh an Taoiseach féin, Micheál Martin, aon rud a rá faoi na líomhaintí go raibh baint ag an Rúis leis an scéal, ach ba leor nod don eolaí go raibh an dearcadh céanna aigesean.
Níl ach fadhb amháin leis an scéal, áfach, in ainneoin chinnteacht an rialtais: sé sin, nach bhfuil aon fhianaise ann don líomhaín.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!