Táimid tagtha go dtí an t-am sin den bhliain nuair is féidir linn uilig sos a ghlacadh agus smaoineamh ar na rudaí is tábhachtaí dúinn inár saol. Is am é le bheith lenár dteaghlaigh. Is am é chun iarracht síocháin a bhaint amach sa domhan. Is breá liom an scéal faoin eachtra stairiúil sin nuair a tharla sos cogaidh um Nollaig 1914 le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Ba é an gníomh ba réabhlóidí a rinneadh riamh i stair an chine dhaonna, is é sin nuair a chroch suas na saighdiúirí ar an dá thaobh a gcuid arm. Rinne siad cinneadh gan daoine a mharú. Tharla an rud céanna ag deireadh an Chéad Chogadh Domhanda sa Ghearmáin nuair a dhiúltaigh na saighdiúirí dul i mbun cogaidh. Níl ann ach go dtógfadh gach duine ar domhan cinneadh gan daoine a mharú agus bheadh síocháin dhomhanda ann. Tá cogaí ar siúl timpeall an domhain, san Úcráin, an Phalaistín, an tSúdáin agus an Congó agus áiteanna eile a bhriseann mo chroí gach lá go bhfuil daoine ag fáil bháis gan chúis. Mar a dúirt Von Clausewitz, ‘Níl sa chogadh ach leanúint de chaidreamh polaitiúil le modhanna eile curtha leo’. Dar ndóigh níl mé chomh saonta go gceapaim go mbeidh sé éasca na fadhbanna seo a réiteach, agus i bhformhór na gcogaí tá taobh amháin i mbun impiriúlachais, rud is gá dóibh a stopadh láithreach, agus gan aon amhras is fiú a rá go bhfuil ár dtír féin san áireamh, a bhfuil faoi chois an impiriúlachais. Is iad na fáthanna leis an impiriúlachas seo ná saint agus cumhacht. Breathnaigh mar shampla Gaza. Níl aon chúis ann go bhfuil saighdiúirí Iosrael ag marú daoine ansin seachas chun Netanyahu a choinneáil i gcumhacht. Bím i gcónaí ag cur ceist orm féin an dtuigeann na saighdiúirí sin gur sin an fáth go bhfuil siad i mbun cinedhíothú in Gaza. Níl aon drogall orm a rá gur frithimpiriúlach mé atá ag iarraidh saoirse do gach náisiún chun a bhféinchinniúint féin a leanúint gan brú ó thíortha eile. Mar sin bíodh an mhian againn an Nollaig seo síocháin dhomhanda a bhaint amach, agus sa bhliain úr go rachaimid i mbun gnímh chun é a bhaint amach.