Bhí mé amuigh ag an Aonach Nollag Gifted i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Ba é sin an chéad uair domsa freastal ann. Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult as. Is iontach an méid ábhair a bhí ann. Bhí earraí ar nós éadaí, seodra, cluichí, leabhair, earraí garraíodóireachta, milseáin agus cácaí milse ann. Bhí go leor comhlachtaí ann agus cuid mhaith acu ag úsáid na Gaeilge ina gcuid gnó. D’éirigh liom mo chuid siopadóireachta Nollag a dhéanamh ann. Ach caithfidh mé a rá, tá sé iontach aonach mar sin a fheiceáil ag tabhairt ardán do chomhlachtaí beaga Éireannacha.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!