Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an suíomh ríoga is lú eolas atá againn air, sin é Dún Ailinne, suíomh ríoga Laighean

Táimid tar éis breathnú ar na suíomhanna ríoga i gCúige Uladh agus Cúige Mumhan. Anois breathnóimid ar Chúige Laighean. Is é an t-ainm atá ar an suíomh ríoga ansin ná Dún Ailinne.  

Tá Dún Ailinne gar do Chill Chuillinn. Bhí sé in úsáid mar shuíomh ríoga idir an cúigiú haois roimh an gComh-Ré agus an tríú haois sa Chomh-Ré. Tá an chéad tagairt dó mar shuíomh ríoga Laighean in 728 den Chomh-Ré agus arís sa bhliain 800. Bhí trí ré éagsúla ann ag an láthair nuair a bhí sé ag feidhmiú. Pléann Féilire Oengusso Dún Ailinne nuair a dhéanann sé comparáid idir an phríomhchathair ársa atá tréigthe leis an mainistir Chríostaíochta i gCill Dara. Is léir gur athraíodh an phríomháit spioradálta ó Dhún Ailinne go Cill Dara nuair a d’iompaigh Laighnigh ón seancreideamh go dtí an Chríostaíocht. D’aithin an scoláire Gaeilge Seán Ó Donnabháin é mar an suíomh ríoga i gCúige Laighean.

Tá Dún Ailinne ar bharr cnoic agus tá claí timpeall air. Bhí sé ina úsáid i rith na hIarannaoise.  Rinne seandálaithe taighde ar an áit idir 1968 agus 1975. Fuair siad go leor cnámh agus cré-earraí ann ag léiriú go mbíodh a lán cócaireachta á déanamh ansin d’fhéasta séasúrach.  Tá an cruth a bhí ar an bhfoirgneamh adhmaid ar an láthair cosúil leis an gcruth a bhí ar na foirgnimh ar na suíomhanna ríoga eile, Teamhair na Rí agus Eamhain Mhacha. Léiríonn sin go raibh ailtireacht choiteann sa tír ar fad, ag léiriú arís cultúr coiteann chomh maith.  Fuarthas ansin chomh maith claíomh iarainn den stíl Cheilteach La-Tène, ceann sleá iarainn agus seodra freisin.

Ba dhuine de na ríthe is cáiliúla ar Laighin a bhí i bhfeighil ansin é Cathair Mór. Tháinig sé ó shliocht Labhraidh Loingsigh. Shíolraigh na Laighin, as ar ainmníodh Cúige Laighean, ó Labhraidh Loingseach. Bhí Cathair Mór i réim idir 161 agus 180 sa Chomh-Ré de réir Leabhar Gabhála Éireann. I scéal dar teideal Fotha Catha Cnucha tugann Cathair Mór Dún Ailinne don draoi Nuada mac Aichi. Ba é Dún Ailinne baile Fhinn mhic Cumhaill agus na bhFiann.

De réir an bhéaloidis áitiúil tá cloch mhór ar Dhún Ailinne a chaith Fionn mac Cumhaill ó Chnoc Alúine go Dún Ailinne. Bhris an chloch nuair a bhuail sí an talamh. Tá rian mhéara Fhinn le feiceáil ar an gcloch. Tá sé ráite go bhfuil clocha ansin in onóir daoine a fuair bás.  Tá cloch amháin ann le hainmneacha daoine scríofa uirthi. Scríobh duine amháin a ainm ar an gcloch sula bhfuair sé bás. B’fhéidir gur tagairt é sin do chlocha oghaim.

Tá tobar beannaithe ar Dhún Ailinne darb ainm Tobar Naomh Eoin.

Bhí beirt fhear ag troid ann sa naoú haois déag darb ainm Dónall Ó Donnghaile, an dornálaí cáiliúil, agus Sasanach darb ainm Cooper. Mharaigh Ó Donnghaile Cooper agus tá lorg a choise fós le feiceáil ansin.

Creidtear gur lios sí é Dún Ailinne fós sa lá atá inniu ann.

Tá scéal ann faoi bhean a tháinig ar leipreachán ar an gcnoc. Gheall an leipreachán go dtabharfaidh sé pota óir di. Dúirt sé léi a fearsaid sníomha a shá sa talamh san áit a raibh an t-ór agus agus dul abhaile le sluasaid a fháil chun an t-ór a thochailt amach. Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an tsluasaid ach nuair a d’fhill sí ar Dhún Ailinne, nach raibh fearsaidí sníomha le feiceáil gach áit ar an gcnoc agus ní raibh a fhios aici ansin cá raibh an pota óir.  Nach glic an leipreachán a bhí ann!

Ar Dhún Ailinne tá poll ann a nglaoitear Cistin Bhrian Bhóramha ann mar gur chruthaigh Brian Bóramha é de réir na bhfinscéalta.

Is léir go bhfuil go leor béaloideas ag baint le Dún Ailinne.

De bharr an choilíneachais níl an oiread airde ar Dhún Ailinne agus atá ar na suíomhanna ríoga eile timpeall na tíre, ach ní bhaineann sé sin ó thábhacht na háite do phobal na hÉireann agus pobal Laighean go háirithe. 


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.