Dreoilín Dhaingean Uí Chúis

Aoife Granville

Cé go bhfuil traidisiún an Dreoilín le feiscint go fóill in áiteanna eile fén dtír, níl aon dabht fé ach go bhfuil caidreamh fíorspeisialta ag pobal Dhaingean Uí Chúis leis an deasgnáth. Bíonn níos mó daoine páirteach sa traidisiún anois ná mar a bhí a riamh agus tuiscint i measc mhuintir an bhaile go bhfuil traidisiún leanúnach ar an mbaile siar i bhfad. Cé gur ceiliúradh lae go hoifigiúil a bhíonn i gceist le Lá an Dreoilín, bíonn ullmhúcháin ar siúl ar feadh cúpla mí. 

Tá nós ag an seana-dhream nár cheart a bheith ag caint ar an ndreoilín go dtí go mbíonn Ráiseanna an Daingin thart i mí Lúnasa agus is thart ar Mheán Fomhair a thosnaíonn an t-ullmhúcháin ceart. Tosnaíonn daoine ag cleachtadh an cheoil agus bailítear an tuí dos na feistis thraidisiúnta. Stóráiltear an tuí ar feadh cúpla mí agus deintear na culaithe tuí de ghnáth ag tús mhí na Nollag. Cé gur an tuí an feisteas traidisiúnta, bíonn réimse an-leathan d’fheistis ar na sráideanna anois, rud a chuireann go mór leis an lá. 

Tá ceithre dhreoilín éagsúla ar an mbaile: Sráid Eoin, Sráid na nGabhar, an Ché agus an Green & Gold, agus i ngach ceann acu bíonn Captaen, Ladhar Bhán, Brat, buachaillí tuí, banna ceoil agus leantóirí. Bíonn na leantóirí chomh tabhachtach leis an mbanna ceoil agus cuireann siad go mór leis an atmaisféar, ag rince is ag liú le spleodar. Bíonn dathanna ar leith ag gach grúpa chomh maith agus na dathanna sin le feiscint sna ceantracha éagsúla den mbaile ag teacht suas go dtí an Nollaig. 

Bíonn ról an Chaptaein tabhachtach agus é i gceannas ar an ngrúpa a thabhairt le chéile chomh maith le smacht a choimeád ar Lá an Dreoilín féin. Tá an Ladhar Bhán suimúil. Déanta as adhmad le bráillín bhán timpeall air, bíonn béal an chapaill ag snapáil tríd an lá ar fad agus an té féna chúram ana-ghnóthach ag rince timpeall leis. Deirtear gur siombail ar an torthúlacht é an capall agus gan dabht tá traidisiúintí bainteach le ladhair bháin fós le feiscint in áiteanna cosúil le Padstow i gCorn na Breataine do cheiliuradh ar Bhealtaine agus in áiteanna sa Spáinn le linn traidisiúintí carnabhail. 

Tá an ceol Dhreoilíní Dhaingean Uí Chúis mar fhuaimdhreach den mbaile dáiríre. Is é an ceol seo a mhúsclaíonn muintir an bhaile níos mó ná aon cheol eile agus is ceol máirseála a bhíonn i gceist le repertoire leathan: máirseálacha, polcaí agus sleamhnáin. Is ar na feadóga stáin agus drumaí a bhíonn trí grúpa ag seinnt agus na fífeanna ag Dreoilín an Green and Gold. Le blianta beaga anuas d’fhéadfadh suas le 50 ceoltóir a bheith in aon ghrúpa. 

Tosnaíonn imeachtaí an lae thart ar an 11 am le sciuird timpeall an bhaile ag Dreoilín na nÓg, grúpa atá déanta suas de bhuachaillí a fhreastalaíonn ar Scoil Iognáid Rís ar an mbaile. Thart ar mheán lae buaileann na dreoilíní móra sna ceanncheathrúin éagsúla agus bíonn na paráideanna ar bun i gceart ó 1 a chlog le glór láidir na ndrumaí, feadóga is fífeanna le clos as sin go déanach an oíche sin. Is go tithe tábhairne a bhuaileann na dreoilíní isteach chuchu tríd an lá agus ní tithe cónaithe, fé mar a bhíonn ag an dtraidisiún i gceantracha eile. Is cuid an-tábhachtach den sciuird an chuairt a thugann na grúpaí ar Óspidéal Pobail Chorca Dhuibhne, áit go gcuirtear fáilte chroíúil roimh na dreoilíní móra. Bíonn na dreoilíní ag bailiú airgid chomh maith, airgead a théann thar n-ais isteach i gcarthanais áitiúla na haon bhliain. Bíonn cúpla euro curtha i leataobh chomh maith don ‘Ball Night’, cóisir a bhíonn ar siúl isteach i mí Eanáir, an bleaist deireaneach den gceol roimh dheireadh an tséasúir. 

Tá nath cainte ar an mbaile: ‘We never died a winter yet’, a dheineann tagairt don leanúnachas atá ag an ndreoilín ar an mbaile. Tuigtear go dtagann an nath cainte ó Kerryman Ferriter, Captaen ar Dhreoilín Shráid Eoin sna 1960idí, is é ag déanamh tagairt dos na deartháireacha Foley ó Shráid Eoin a chuaigh amach sa Dreoilín in ainneoin rabhadh a bheith tugtha ós na Dúbhchrónaigh. Gabhadh an bheirt ar feadh cúpla lá as ucht a raibh déanta acu ach is léir an tábhacht a bhain leis an dtraidisiún dóibh ag an am sin agus leanann an dílseacht sin inniu. 

Tá tuiscint an-láidir i nDaingean Uí Chúis ar an dtábhacht a bhaineann le traidisiún agus é a chur ar aghaidh dtí an chéad glúin eile. Tá muintir an bhaile tugtha amach is amach don ndreoilín agus an pobal ana-bhródúil go bhfuil sé, ní hamháin fanta beo, ach é ag dul ó neart go neart. Tá an Dreoilín féin le feiscint ar gheansaithe caide Dhaingean Uí Chúis chomh maith agus canann na peileadóirí tiúin ón dtraidisiún, Old Comrades, nuair a bhuann siad cluichí. Is léir an bhaint atá ag an dtraidisiún ar fhéiniúlacht an bhaile, go háirithe inniu agus é breá sabhálta.


Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.