Dhá mhórsprioc ag an Choimisinéir nua Gaeilge sna sé chontae agus tá sé réidh tabhairt faoin dúshlán

Labhair an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds le An Páipéar faoina chéad mhí sa ról

Jack Mac Íomhair

‘Cosúil le cuid mhór daoine, bhí mise ag rá le blianta fada nach dtarlóidh sé seo.’ Sin a dúirt Pól Deeds le An Páipéar nuair a cuireadh ceist air faoina chuid smaointí sular chuir sé isteach don ról. 

‘Nuair a tháinig sé amach, agus de réir mar a bhog muid níos cóngaraí den ról a bheith bunaithe, bhí mé ag obair i bhForas na Gaeilge ag an am, mar Leas-Phríomhfheidhmeannach. Bhí cineál de dhualgas agam don tuaisceart agus mar sin bhí an ról seo tábhachtach domsa.’

‘Ag an phointe sin, le fírinne, mhothaigh mé trua don té a bheadh ag glacadh leis an ról agus bhí mé féin, cosúil le roinnt daoine, ag tabhairt, “cailís nimhe,” ar an rud, mar thuig muid cé chomh mór is a bheadh na dúshláin.’

Labhair Pól Deeds faoin iontas a bhí air nuair a tháinig an ról chun tosaigh mar shíl sé nach mbeidh an ról ann ar an chéad dul síos, ach luaigh sé faoin phróiseas a ghlac sé air cur isteach dó.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.