Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Téann daoine a bhfuil fadhb acu leis an ólachán anseo (9,3,4)
9. Maighdean (3)
11. Thit sé i ngrá lena scáil féin: miotaseolaíocht na Gréige (10)
12. Feidhm (3)
13. Tútach (7)
14. Carr nó bád atá oiriúnach don aidhm atá leis,tá sé seo (8)
17. Saothar (3)
18. Giota adhmaid láidir a úsáideann siúinéirí (4)
19. An duine a scríobhann a ainm ag bun doiciméid (10)
20. Éalaigh (5)
23. Craiceann (iolra) (6)
24. Tugtar amach (11)
29. Réitigh le: _ _ _ do (3)
30. Miotóg (6)
31. Giota beag adhmaid: bí cúramach ina leith (8)
32. Coillearnach ina ngearrtar crainn gar don talamh, ionas go bhfásfaidh buinneoga iomadúla astu (9)
33, Sraith achainíochta a úsáidtear i seirbhísí eaglasta (6)
35. Duine a cheannaíonn agus a dhíolann deoch alcóil atá déanta as toradh glas nó dearg nach bhfuil ag fás in Éirinn (12)
37. Guma a chuireann tú i do bhéal: guma _ _ _ _ _ _ _ (7)
38. Níl mé in ann (2,4,4)

Síos

1.  Teocht atá ró-the ar fad .(7)
2. A áiteamh ar dhuine a bheith ciallmhar: duine a thabhairt chun _ _ _ _ _ _ _ _ (8)
3. Dóighiúil (i gcás cailín) (8)
4. Duine óg (5)
5. Tír bheag i lár na Himiléithe (7)
6. Mias sa seomra leithris ina níonn tú d’aghaidh agus do lámha (9).
7. Beannú a chuireann tú ar dhuine go luath sa lá (4,4,2,6)
8. _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ mé ar an leac oighir inné (12)
10. Bréag (2)
15. Feictear agus cloistear seo nuair a chaitear cloch in uisce (6)
16. Gan bheith anseo níos mó (6)
21. Urraim a léirítear go poiblí (7)
22. Cloiseann tú é seo nuair a bhíonn na hispíní sa fhriochtán (10)
23. Nuair a chuirtear pictiúr i bhfráma cuirtear seo taobh thiar de (6)
25. Bíonn an ollscoil lán díobh: _ _ _ léinn (3)
26. Gríosaigh (9)
27. Mín (8)
28. Tá ráchairt ollmhór ar an duine de thoisc ganntanas tithíochta (7)
34. Níor fhan mé socair, _ _ _ _ mé (4)
35. Ordú fo dhuine gan an áit a fhágáil (3)
36. Airgead a thabhairt le rud a fháil (3)

Freagraí ar Crosfhocal #59

TRASNA: 1. Neachtlann 6. Neamhniú 10. Cúramach 11. Guaire 12. Tesla 13. Mias 14. Sian 15. Gné 16. Abach 17. Alabama 18. Iora 19. Rithim 21. Ór 23 Ais 25. Snúcar 29 Iúpatar 31. Aileach 32. Teagasc 33. Siada 35. Agó 37. Luail 40. Gol 41. Ál 42 Dónall Ó Conaill 43. Treoirchártaí 44. Fás. 
SÍOS: 1. Nochtraí 2. Aiciseach 3. Harmagadón 4. Lom-angar 5. Nach méanar duit 6. Nagasaki 7. Adamhach 8. Hiroshima 9. Úráiniam 19. Ruaigtheacht 20. Timpeallán 22. Rúsc 24. Léana 25. Sceoin 27. Stuama 28 Plútóiniam 30. Rocal 34. Dian 36. Calbh 38. Ula 39. Imleá 40. Gort
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.