Tháinig gairmithe sinsearacha theicneolaíocht na faisnéise ó údaráis áitiúla ar fud na tíre le chéile i gCathair na Gaillimhe an tseachtain seo le haghaidh comhdháil náisiúnta ardleibhéil ag díriú ar dheiseanna intleachta saorga sa rialtas áitiúil. Tá sprioc shoiléir leagtha amach ag beartas náisiúnta na hÉireann, is é sin go mbeidh 90% de phríomhsheirbhísí poiblí ar fáil ar líne faoin mbliain 2030. Chun an sprioc sin a bhaint amach, beidh nuálaíocht dhigiteach agus cur chuige atá dírithe ar an saoránach ríthábhachtach.
Bhí an chomhdháil dírithe ar cheist lárnach: “Tá an teicneolaíocht anseo – cén cineál todhchaí ar mhaith linn go bhfreastalóidh sí uirthi?” Tháinig saineolaithe ar an intleacht shaorga ón rialtas áitiúil agus náisiúnta, ó ollscoileanna, agus ón earnáil phríobháideach le chéile chun todhchaí na seirbhísí poiblí digití a chíoradh.