Clár faisnéise faoi scríbhinní Dhubhghlas de hÍde le craoladh ar Raidió na Life

Craolfar clár faisnéise nua, Dubhghlas, ar Raidió na Life Dé Luain an 22 Nollaig ag 6 a chlog tráthnóna agus arís ar Lá Fhéile Stiofáin ag 2 pm. Beidh an clár ar fáil mar phodchraoladh ar Spotify, iTunes agus Soundcloud freisin.

Ceannródaí Gaeilge agus an chéad Uachtarán ar Éirinn ba ea Dubhghlas de hÍde, agus tá neart léinn dírithe air in imeacht na mblianta. Mar sin féin, is léir nach bhfuil sé éasca teacht ar thuiscint dhomhain phearsanta air mar dhuine. Fear ildánach, iltréitheach agus casta ab ea é, fear a chuir cló éagsúil air féin ag brath ar na cúinsí ina raibh sé ag aon am ar leith, agus a choinnigh méid áirithe de féin faoi cheilt go poiblí. Ach, d’fhág Dubhghlas de hÍde na mílte scríbhinní ina dhiaidh, dialanna, litreacha agus saothair chruthaitheacha atá anois ina dtaisce stairiúil do thaighdeoirí. Déanann an clár faisnéise seo a chuid scríbhinní a chíoradh chun léargas nua a fháil ar de hÍde.

Mar chuid den chlár, thug an tOllamh Emeritus Liam Mac Mathúna agus an Dr Máire Nic an Bhaird cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun scríbhinní de hÍde a fheiceáil agus a phlé, agus tá léargas freisin ar shaol agus saothar de hÍde ón Dr Cathal Billings agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh. Le píosaí drámata léite ag an aisteoir mór le rá Diarmuid de Faoite sa chlár freisin, tá de hÍde tugtha chun beatha ar shlí nach bhfuil cloiste againn roimhe.

Is le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnais teilifíse. Faigheann Raidió na Life tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge.

Dubhghlas, Dé Luain, an 22 Nollaig ag 6 pm ar Raidió na Life

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.