
Bhí Mícheál Martin go hiomlán neamhleithscéalach le linn chruinniú cinniúnach pháirtí pairliminte Fhianna Fáil a bhí ar siúl Oíche Dé Máirt agus plé á dhéanamh ar thuairisc faoi roghnú iarrthóra an pháirtí don toghchán uachtaránachta. Ní raibh aithreachas dá laghad air faoi na nósanna imeachta a leanadh nó nár leanadh maidir le hiarrthóir a roghnú agus níor admhaigh sé aon bhotún nó aon droch-chinneadh tríd an bpróiseas ar fad in aon chor. Mar a tharla, níor thapaigh comhaltaí an pháirtí pairliminte aon deis é a chaitheamh amach mar cheannaire.
Ar na ceisteanna is mó a ndearnadh plé orthu bhí cathain a bhí eolas ag Martin faoi cheist tíonónta de chuid Jim Gavin agus an t-airgead nár aisíoc sé don tíonónta. Ardaíodh ceisteanna faoin easpa plé maidir le hiarrthóir don uachtaránacht sa pháirtí seachas do dhream beag daoine thart timpeall Martin.
I measc an dreama bhig seo áirítear Seán Dorgan (Ardrúnaí), Deirdre Gillane (Comhairleoir Speisialta), Pat McPartland (Ceann Cumarsáide in oifig preasa an pháirtí), chomh maith le Jack Chambers agus daoine imeallacha sa pháirtí pairliminte ar thug Martin ardú céime dóibh.
Tá an chuid is mó de bhaill an pháirtí agus an pháirtí pairliminte den tuairim go gcoimeádtar amach iad i dtaobh cinntí tábhachtacha sa pháirtí agus léiríonn an cinneadh faoi roghnú Jim Gavin mar iarrthóir na huachtaránachta an méid sin go soiléir.
An cheist is suntasaí ag an bpointe seo ná an méid comhaltaí sa pháirtí pairliminte a leanfaidh ar aghaidh lena dtacaíocht do Mhícheál Martin. Is cinnte go bhfuil neart naimhde aige sa pháirtí pairliminte, lena n-áirítear 70 comhalta san iomlán. Tá móramh na dTeachtaí Dála i bhFianna Fáil míshásta le ceannasaíocht Martin, cé go dtacaíonn beagnach na seanadóirí ar fad leism os rud é gur roghnaigh sé é féin iad!.
Tugann meon Mhíchíl Martin agus a neamhleithscéalacht i leith na tuairisce seo agus an cruinniú faoi le tuiscint go bhfuil dóchas aige go mbuafaidh sé móramh sa pháirtí pairliminte. Tá sé le feiceáil freisin nach bhfuil sé de mhisneach ag aon chomhalta sa pháirtí pairliminte vóta muiníne a ghairm in aghaidh Martin ag an bpointe seo ama. Níl gnáthbhaill Fhianna Fáil an-tógtha le ceannasaíocht Martin, ach ní bheidh aon fhonn air imeacht mar cheannaire mura bhfuil a chéilí comhraic sásta aghaidh a thabhairt air.
É sin ráite, tá neart comhghleacaithe dá chuid sásta scian Iúil Chaesair a thabhairt dó agus cuid acu sách oscailte faoi seo!