Sheol an Ghaeltacht teachtaireacht láidir ar fud na tíre tráthnóna Dé Sathairn agus iad ag breith chraobh idirmhéanach na Mumhan leo arís, an chéad uair ó 2017, tar éis bua cuimsitheach ar Achadh Bolg. Agus is beag duine a d’aontódh nárbh é fíor-fhear an chluiche é Cathal Ó Beaglaoich, a raibh tionchar gan sárú aige sa lár agus a d’ardaigh caighdeán na foirne i ngach gné.
Ag labhairt dó tar éis an chluiche, dúirt Cathal go raibh muinín agus móiminteam na foirne fíorthábhachtach. Dúirt sé, “Táimid ar bharr na taoide faoi láthair. Níor chailleamar cluiche ar bith ó thús an tsamhraidh i sraitheanna an chontae, agus tá muid ag iarraidh an tsraith sin a choinneáil beo. Tá súil againn anois go mbeidh dhá chluiche eile againn i mbliana, agus go mbainfimid iad freisin.”
Cé go mbíonn cluichí idir Ciarraí agus Corcaigh dian de ghnáth, mhothaigh Ó Beaglaoich gur theastaigh uathu smacht a choinneáil ar an bpáirc agus a bheith foighneach leis an liathróid. Dúirt sé, “Táimid cleachta leis an ngaoth ar ár bpáirc féin agus tá a fhios againn conas imirt ina coinne agus léi. Bhí muid foighneach sa dá leath. An lá deireanach, choinníomar an liathróid sa chéad leath ach ní sa dara leath. Inniu rinneamar é sa dá leath agus d’éirigh linn scóranna a fháil dá bharr.”