Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar shuíomh ríoga eile, an uair seo i gCúige Mumhan, sin é Caiseal Mumhan.

De réir an bhéaloidis tháinig Carraig Phádraig, atá suite ar Chaiseal Mumhan, ón diabhal nuair a bhain sé plaic as Bearnán Éile agus chaith sé an phlaic sin ar Chaiseal Mumhan. Tharla sé seo nuair a chuir Naomh Pádraig ruaig air agus an diabhal ag éalú ó Naomh Pádraig.
De réir Beatha Thrípháirteach Naomh Pádraig thiontaigh Naomh Pádraig Rí na Mumhan ina Chríostaí.
Ón gceathrú haois bhí an láthair ina shuíomh ríoga do ríthe na Mumhan. Sa chúigiú haois thóg an Eoghanachta dún ansin ag coinneáil smacht ar an gceantar ar feadh cúpla céad bhliain.
In 977 rinneadh rí de Bhriain Bóramha i gCaiseal Mumhan agus rinne sé príomhchathair de.
Sa bhliain 1101 thug Rí na Mumhan, Muirchertach Ua Briain, talamh Chaiseal Mumhan don Eaglais.
Tá an ealaín agus ailtireacht mheánaoiseach ar an gcarraig ar na samplaí is fearr dá bhfuil ar fáil san Eoraip. Níl san fhoirgneamh atá ann inniu ach fothrach. Sa dóú haois déag a cruthaíodh é.
Tá cloigtheach i gCaiseal Mumhain a tógadh thart ar 1100.
Tógadh Séipéal Chormaic sa bhliain 1127 le linn réimeas Chormaic Mhic Cárthaigh. Tá an t-aon sampla de fhreascó Rómhánúil in Éirinn ansin.
Tá ardeaglais ann chomh maith. Tógadh an ardeaglais sin idir 1235 agus 1270.
In 1647 i rith Chogaí Chóndaidhm na hÉireann rinneadh trúpaí Shasana ionsaí ar Chaiseal Mumhan. Mharaigh siad fórsaí na cónaidhme agus sagairt Chaitliceacha. I lár na 1730í scrios Ardeaspag Anglacánach Chaisil Arthur Price díon na hardeaglaise. Rinneadh an-cháineadh ar an ardeaspag de bharr an scriosta seo.
In 1763 bhí éirí amach ag na buachaillí bána i gContae Thiobraid Árann. Mar chuid den éirí amach sin leag siad balla amháin den fhoirgneamh.
Tá ardcros ann chomh maith ar a nglaoitear Cros Uí Scolaí, a tógadh in 1860 chun comóradh a dhéanamh ar mhuintir Uí Scolaí, ach bhuail tintreach é in 1976 agus tá sé scriosta ó shin i leith.
Tá balla timpeall ar na foirgnimh ar fad.
Tá scéal béaloidis ann gur goideadh Saltair Chaisil uair amháin ó Chaiseal Mumhan a scríobh Cormac Ó Cuilleanáin, ach fuarthas ar ais é arís. Bhí fear ann ó Chaiseal Mumhan a bhí ina scoláire i mBeannchar, ceann de na scoileanna is mó cáil sa tír sa deichiú haois. Bhí an-suim aige i Saltair Chaisil agus bheartaigh sé í a ghoid ó Chaiseal Mumhan. Chur sé éadaí mná air féin agus rinne sé an taisteal go Caiseal Mumhan. Nuair a tháinig sé go geata Chaiseal Mumhan d’iarr sé cead ar fhear an gheata é a scaoileadh isteach. Ag ceapadh gur bean uasail a bhí ann scaoil fear an gheata é isteach. Bhí sé in ann dul isteach go dtí an leabharlann ansin agus chonaic sé Saltair Chaisil. Chur sé i bhfolach í ina fhallaing mhór agus d’imigh sé leis. Bhí lucht Chaiseal Mumhan ag lorg na saltrach ar feadh tamall fada go dtí gur smaoinigh fear an gheata faoin mbean uasail. Chuimhnigh sé go dúirt sí leis go raibh sí ag teacht ón tuaisceart agus mar sin cheap fear an gheata go mbeadh an tsaltair i mBeannchar. Fuair sé cead ón rí an tsaltair a fháil ar ais agus gheall sé don rí nach dtiocfadh sé ar ais go dtí go raibh an tsaltair ina lámh aige. Chuaigh sé go Beannchar, scaoileadh isteach é agus d’éirigh leis í a aimsiú. Thóg sé an leabhar nuair nach raibh aon duine ag breathnú air agus thóg sé ar ais é go Caiseal Mumhan. Bhí an-cheiliúradh ann i gCaiseal Mumhan nuair a tháinig an leabhar ar ais.
De bharr scriosadh dhíon na hardeaglaise tá Mícheál Mac Dubhghaill ag éileamh go ndeiseofar an díon. Caithfidh mé a rá go n-aontaím leis chun áilleacht Caiseal Mumhan a léiriú arís ann.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath