Páirtithe aontachtacha trína chéile agus cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an brat a ardú
Tá an deighilt i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste ag dul in olcas agus cinneadh glactha acu brat na Palaistíne a ardú ar Halla na Cathrach.
Cuireadh an brat in airde i ndiaidh meán oíche maidin Dé Máirt agus bhí sé in airde go titim na hoíche Dé Máirt.
Thug comhairleoir de chuid Ghlór Traidisiúnta na nAontachtaithe, Ann McClure, caingean dlí éigeandála chun an brat a bhaint anuas. Bhí dlíodóirí de chuid McClure ag lorg faoiseamh eatramhach mar chuid de chaingean níos leithne i dtaca leis an phróiseas maidir le cinntí conspóideacha ag rialtais áitiúla.
Cheistigh na dlíodóirí dlíthiúlacht an bhealaigh ar pléadh leis an mheicníocht glaoch isteach.
Dúirt an Breitheamh Humphreys nach mbeidh sé ag déanamh aon chinneadh maidir leis an athbhreithniú breithiúnach reatha atá ag Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe.
Chuir sé an chontúirt a bhaineann le cinneadh na comhairle a fhorghabháil sa mheá in aghaidh aon tionchair ar McClure ag an chéim seo sa chás.
Dúirt an Breitheamh Humphreys nach bhfuil aon fhianaise aige go ndéanfar aon dochar ar McClure agus an brat curtha in airde ar feadh lae.
Dúirt sé fosta gur cuireadh in iúl dó go bhfuil sí ar saoire, agus nach dócha go gcuirfeadh an brat olc uirthi ar feadh roinnt uaireanta.
Thacaigh Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre, Sinn Féin, agus an Comhaontas Glas leis an rún an brat a chur in airde. Thacaigh Páirtí na Comhghuaillíochta leis an bhunrún ach níor thacaigh siad leis an rún Dé Luain.
Gabhadh triúr taobh amuigh den Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus an cás ag dul ar aghaidh agus cúisíodhh fear amháin, 20 bliain d’aois bainteach leis an agóid sin.
Bhí 100 duine i láthair ag agóid dílseora lasmuigh de Halla na Cathrach oíche Mháirt. Gabhadbh beirt ansin, fear 18 bliain d’aois agus fear 46 bliain d’aois. Bhí 100 duine i láthair ag an agóid dílseora. Cúisíodh an bheirt agus beidh siad os comhair na cúirte ar an 30 Nollaig.
Dúirt Sinn Féin maidir leis an rún a chuir siad chun tosaigh go gcaithfidh siad leanstan ar aghaidh ag déanamh gach rud is féidir leo a dhéanamh chun dlúthpháirtíocht a léiriú leo siúd atá faoi léigear in Gaza, in aghaidh chinedhíothú barbartha agus mídhaonnachtúil Iosrael.