Pádraig de Burca

Agus muid ag druidim le deireadh na bliana 2025, tá neart le plé maidir le cúrsaí cultúir in Éirinn. Ó rath idirnáisiúnta na scannán Gaeilge go dtí na deacrachtaí leanúnacha maidir le spásanna ealaíne sna cathracha, ba bhliain chorraitheach í. 

Ag breathnú siar dúinn ar an mbliain, is léir go bhfuil earnáil na n-ealaíon in Éirinn ag dul trí chineál athbheochana. Bhí an bhliain lán le mothúcháin chontrártha: an bród as tallann na hÉireann thar lear, agus an imní faoi thodhchaí na n-ealaíontóirí sa bhaile. 

In ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch, d’éirigh le cruthaitheoirí na hÉireann a gcomhartha deiridh a fhágáil ar an stáitse domhanda, ach ní raibh gach scéal ina scéal ratha. 

Baol i liostaí 

Cé go mbíonn baol ann i gcónaí agus liostaí á gcur le chéile, ní féidir linn ligean don bhliain sleamhnú dínn gan roinnt buaicphointí, agus corrtheip, a luadh. Seo cúpla catagóir i réimse na n-ealaíon. 

Féilte ealaíne 

IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge. Cuireann Imram teanga agus litríocht na Gaeilge i láthair an phobail laistigh de fhráma nua-aoiseach, beoga, ilchultúrtha. Bíonn béim ar fhilíocht, ceol agus comhoibriú. 

I measc na mbuaicphointí bhí Amhrán na Gealaí, le hamhráin Phoebe Bridgers aistrithe go Gaeilge agus Bard na Páirce,ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Mhichíl Uí Mhuircheartaigh.

Oireachtas na Gaeilge, príomhfhéile na Gaeilge. D’éirigh thar cinn leis an Oireachtas i mBéal Feirste. Bhí gradaim foilsitheoireachta an oireachtais agus gradaim chumarsáide, bhí neart comórtais ardáin agus comórtais liteartha. Ach sheas comórtas rapcheoil amach domsa. Comhghairdeas don bhuaiteoir Piaras Mac Dughláis.

An scáileán mór 

Buaicphointe: Thaitin Aontas le Carrie Crowley go mór liom. Féachann triúr gadaithe neamhghnácha, faoi stiúir mná atá ar tí cliseadh néarógach a bheith aici, le comhar creidmheasa faoin tuath a robáil. Iontach! 

Teip: Ach gan amhras teip iomlán a bhí in An Taibhse, scannán uafáis uafásach suite i dteach mór le linn an Ghorta Mhóir. 

An scáileán beag 

Buaicphointe: Bhí Crá ar TG4 ar fheabhas. Cuireadh ábhar iontach ar fáil do dhaoine óga ar Cúla4 agus do dhéagóirí níos sine ar líne ar Bloc TG4. Sheas Cailíní Gránna agus Sa Leaba le Blá amach domsa. Agus más maith leath Gogglebox, coinnigh súil amach do Fadó Fadó ar TG4 roimh dheireadh na bliana.  

Teip: Ar an taobh eile, bhí bliain achrannach ag RTÉ. In ainneoin iarrachtaí an rialtais an struchtúr maoinithe a shocrú, bhí mothúchán láidir ann go raibh an craoltóir náisiúnta “as teagmháil” le saol na n-ealaíon neamhspleách.

Ceol. Ó iarphunc go sean-nós 2.0 

I gcúrsaí ceoil, lean tonn ceoil iarphunc na hÉireann ar aghaidh, ach tháinig athrú suimiúil ar an bhfuaim. 

Buaicphointe: Bhuaigh Fontaines D.C. Gradam Grammy eile, ach ba iad na hiontais nua cosúil leis na Mary Wallopers agus an méadú ar an trad-tronica, ceol traidisiúnta measctha le ceol leictreonach, a rug barr bua ag an bPicnic Leictreach. Bhí spiorad nua sa cheol traidisiúnta a tharraing an ghlúin Z isteach ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe. 

Teip: An chonspóid timpeall ar thicéid cheolchoirme. Bhain na praghsanna do na gigeanna móra i bPáirc an Chrócaigh agus Staid Aviva an anáil de dhaoine, agus bhí an mothú ann go bhfuil an ceol beo ag athrú le bheith ina chaitheamh aimsire do lucht an rachmais amháin. 

Gach áit: Is dócha nach gá mórán a rá faoi eachtraí Kneecap, an banna rap-Ghaeilge ó Bhéal Feirste a bhí sa nuacht chomh minic sin le linn na bliana. Ó chásanna cúirte go ceolchoirmeacha conspóideacha, ó scannán den scoth go dtí an Late Late, bhí siad uileláithreach. 

Fuirseoirí: gáire in aghaidh na hanacra 

Buaicphointe: Tháinig borradh as cuimse faoi GhaelGÁIRÍ. Ba léir in 2025 nach raibh an fhuirseoireacht Ghaeilge ina fo-chultúr a thuilleadh. Bhí clubanna grinn lán go doras i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i mBéal Feirste. Thaispeáin siad go bhfuil an greann mar bhealach ríthábhachtach chun déileáil le deacrachtaí an tsaoil, ó chostas maireachtála go dtí an pholaitíocht agus cúrsaí collaíochta. Le fuirseoirí úra cosúil le Samantha Ballymumba agus Breda Hegarty, tá an greann-ghrúpa seo ag dul ó neart go neart. 

Teip: Thug Sinn Féin “An Bille um an gComhairle Ealaíon” os comhair na Dála anuraidh. Ba é sprioc an bhille leasú an-simplí ach cumhachtach a dhéanamh ar an “Acht Ealaíon 2003” le fuirseoireacht a aithint sa dlí tar éis feachtas a d’eagraigh an fuirseoir Ailish McCarthy. Cé go ndúirt an tAire Catherine Martin agus, níos déanaí, an tAire Patrick O’Donovan go dtacaíonn siad leis an smaoineamh, tharla conspóid i mí na Samhna nuair a mhol an rialtas moill 18 mí a chur ar rith an bhille. Búúúú! 

Ach céard faoi? 

Leanfaidh mé ar aghaidh sa chéad eagrán eile. Cuirfidh mé le mo liosta i réimsí cosúil le filíocht, litríocht, drámaíocht, taispeántais ealaíne, raidió, podchraoltaí agus níos mó (fáilte roimh mholtaí).

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.