Tús nua don teanga: Pól Deeds ag glacadh lena ról mar Choimisinéir Gaeilge

Cóilín Duffy

Tá stair cruthaithe i dTuaisceart Éireann agus an Dr Pól Deeds ag toiseacht ar a chuid oibre mar an chéad Choimisinéir Gaeilge riamh ó thuaidh. Ba lá é a raibh fada feitheamh leis ag pobal na Gaeilge.

Ceapadh an Dr Deeds i ndiaidh blianta de dhíospóireachta pholaitiúil, agus tá a cheapachán mar chuid den Acht Féiniúlachta agus Teanga 2022, an chéad uair riamh a tugadh aitheantas reachtúil don Ghaeilge i ndlí na Ríochta Aontaithe. Tá an ról suite i gcreat an chomhaontaithe Ré Nua Cur Chuige Nua, a thug Stormont ar ais in 2020.

Beidh cúraimí suntasacha ar an gCoimisinéir Gaeilge: caighdeáin na gcleachtas is fearr a fhorbairt do bhreis agus céad údarás poiblí, polasaithe nua a ullmhú ar cheisteanna mar chomharthaíocht dhátheangach, soláthar seirbhísí, cumarsáid phoiblí agus oiliúint foirne, agus gearáin ón bpobal a fhiosrú nuair a theipeann ar údaráis na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm. Ach tá dualgas lárnach eile fós sa reachtaíocht: comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge, feidhm a bhaineann leis an gCoimisinéir amháin agus nach dteastaíonn comhaontú polaitiúil ina leith.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.