Paschal Donohue imithe le post nua a ghlacadh leis an mbanc domhanda

Cathal Ó Murchú

Bhí folúntas sa rialtas ar feadh seal an-ghairid nuair a d’fhógair an t-Aire Airgeadais Paschal Donohue go bhfuil sé ag imeacht ón rialtas chun glacadh le post nua sa Bhanc Domhanda. Ní raibh sé i bhfad gur líon an Tánaiste agus Ceannaire Fhine Gael Simon Harris an post mar Aire Airgeadais. Bhog Helen McEntee, ó Chontae na Mí, ón Roinn Oideachais go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta agus tháinig Hildegard Naughton, ó Ghaillimh, isteach mar Aire Oideachais.

Go bunúsach ní comhlacht príobháideach é an Banc Domhanda ach ceann de na hinstitiúidí idirnáisiúnta a tháinig ar an saol tar éis Chomhaontú Bretton Woods sa bhliain 1945.  Maraon leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), tá sé ceangailte leis na Náisiúin Aontaithe. Is é an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a dhéanann idirbheartaíocht agus socrú coinníollacha maidir le hiasachtaí do thíortha a bhfuil fadhbanna acu le comhardú na n-íocaíochtaí . Is é an ról atá ag an mBanc Domhanda na hiasachtaí seo a chur ar fáil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!