Beidh an tionscadal FLOURISH ag ceiliúradh agus ag amharc ar oidhreacht Ghaelach agus Albanach Chúige Uladh
Seoladh an rionscadal FLOURISH go hoifigiúil in Ollscoil Uladh, Béal Feirste Dé Máirt. Díreoidh an tionscadal seo ar an lhuach dearfach a bhaineann le cultúir agus teangacha na hÉireann agus na hAlban.
Beidh rannpháirtithe ón phobal, ón rialtas áitiúil agus ó earnáil an mheánoideachais mar chuid den tionscadal.
Tá an tionscadal á mhaoiniú ag PEACEPLUS, clár a bhfuil an Foras um Chláir Speisialta an AE (SEUPB) i gceannas air. Bronnadh €1,817,377 ar an tionscadal thar thrí bliana go leith.
Tá FLOURISH ag iarraidh deiseanna a chruthú chun an plé faoinár n-oidhreacht Ghaelach agus Albanach a leathnú amach agus taighde a dhéanamh ag an am chéanna ar thacaíocht an phobail don ilghnéitheacht chultúrtha.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!