Fuair pobal na Gaeilge drochscéal an tseachtain seo caite agus bás Gordon McCoy fógartha

Fuair Pobal na Gaeilge drochbhuille an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh go bhfuair Gordon McCoy bás.
Bhí an-bhaint ag Gordon le Turas thar na blianta agus is cinnte go mbeidh a lorg le mothú ní hamháin in Oirthear Bhéal Feirste agus an chathair féin, ach ar fud na hÉireann.
Bhí Gordon ceannródaíoch maidir le Protastúnaigh agus an Ghaeilge. Scríobh sé caibidil sa leabhar An Ghaeilge sna sé chontae a tháinig amach in 1997.
Labhair Stiofán Carson, iar-chomhghleacaí agus cara de chuid Gordon, le An Páipéar.
‘Bhí Gordon agus Linda Ervine cosúil le Mamaí agus Daidí Turas ar feadh tamaill, ach an rud a rinne Gordon ná thug sé cineál oidhreachta speisialta go Turas.’
‘Is cuimhin liom go ndúirt duine leis, “Gordon, tá tú ag déanamh obair na gcapall ag iompórtáil na Gaeilge go hOirthear Bhéal Feirste.” Ansin thosaigh Gordon ag amharc ar an oidhreacht a bhí ann le Con Ó Néill agus a leithéid.’
‘Léirigh sé an oidhreacht a bhí ag na Gaeil in Oirthear na Cathrach agus chuir sé an taighde sin in ord, ionas gur féidir leis an ghnáthdhuine teacht ar an eolas sin. Scríobh sé an leabhar Gaelic History of East Belfast agus thosaigh sé na turais bhus fosta.’
Fiú agus tinneas air i ndiaidh 2020 bhí sé fós ag cur na Gaeilge chun cinn i gcónaí.
‘Gael ar lár le fírinne. Cailliúint atá ann, d’earnáil na Gaeilge go speisialta agus do Turas. Nuair a smaoiním siar agus amharcaim ar an obair a rinne sé. Beidh lorg Gordon McCoy le mothú ar feadh na mblianta.’
‘Tá mé ag déanamh i gceann tamaill beidh daoine ag amharc ar Gordon mar cheannródaí agus mar dhuine de na daoine ba thábhachtaí in athbheochan na Gaeilge i measc an phobail Phrotastúnaigh, aontachtaigh agus dhílsigh.’