Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá dhá chaibidil eile againn an tseachtain seo.

Caibidil 2
Iarracht
An ‘Gaudeamus’ úd as béal na mná óige fós á mhacallú féin ar fud an halla, agus cabaireacht an chomhluadair istigh le linn an tsoisín ag cur le draíocht na bhfocal atá roinnte aici ar a bhfuil i láthair. Fad leathnóiméid – nóiméid, b’fhéidir, ar a mhéid – agus tá Daire ar tí tosú ar an gcaint arís nuair a fheiceann an cathaoirleach lámh mhná ardaithe sa slua.
“Ceist, a bhean uasail?” ar sé. “Abair leat.”
“Sea, a chathaoirligh, go raibh maith agat,” ar sí, agus casann sí a dearc ar Dhaire. “Tá mé i mo shuí anseo ó thús cainte duit, a aoichainteoir, mé ag éisteacht leat ag cur díot ar mholadh a thabhairt don ghníomh is lú a dhéantar, agus ní mé an bhfuil bun ná barr le do chuidse smaointeoireachta ar chor ar bith. Ní thuigim fáth le moladh a thabhairt do ghníomh ar bith a bheadh chomh beag sin. Ar mhiste leat soiléiriú breise a thabhairt ar a bhfuil ráite ina thaobh sin agat?”
Tá a fhios ag Daire nach mar thagairt nó le fiosracht amháin a chaitear an cheist seo léi, ach mar dhúshlán, leis. Cruinníonn sí a ciall chuici.