Póilín fafa i leith 40,000 píléar imithe ar iarraidh

Cathal Ó Murchú

Gabhadh póilín sinsearach i Seirbhís Poilíneachta Thuaisceart Éireann tar éis gur tháinig sé chun solais gur imigh thart ar 40,000 piléar ar iarraidh ó choláiste oiliúna de chuid Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Tá imscrúdaitheoirí i mbun fiosrúchán mór tar éis an tsáraithe ollmhór slándála seo.

Dúirt Aire Dlí agus Cirt Thuaisceart Éireann, Naomi Long, go raibh na nochtuithe seo ina n-ábhair imní an-mhór agus go rachadh sí i dteagmháil láithreach le hardchonstábla an fhórsa le míniú a fháil ar an scéal. Tuigeann sé gur chríochnaigh cuid den armlón ar a laghad i gclub gunna príobháideach agus tá eagla ann, mar gheall ar an méid ollmhór armlóin atá ar iarraidh, go bhféadfadh seo a bheith ar siúl le blianta.

Tagann an scéal seo sna sala ar scannal eile nuair a scaoileadh le sonraí pearsanta ball de SPTÉ, 9,400 acu san iomlán. Is léir go dtarraingíonn an eachtra is déanaí seo anuas ceisteanna tromchúiseacha faoi na seiceálacha a bhí i bhfeidhm agus conas a d’imigh an oiread sin urchar gan bhrath ar feadh na mblianta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!