An Páipéar bródúil go mbeidh muid ag foilsiú sliochtanna eisiach as an úrscéal nua Spéic na Girsí ó Ré Ó Laighléis do ár léitheoirí sna seachtainí romhainn ag tosú leis an eagrán seo.

Ré Ó Laighléis

Iontróid

Sa seoimrín beag ar chúl an stáitse atá Daire ina suí ’s gan éinne ina timpeall. Tá meon an déagόra fόs ina chíor thuathail toisc an clampar a bhí sa mbaile níos luaithe sa tráthnόna. D’ainneoin iarrachtaí a máthar chun an t-athair a chiúnú, ba chur amú ama di é a bheith ag iarraidh labhairt leis.  An fear bocht, bhí sé cráite ann féin. Olc an tsaoil air toisc nár éirigh leis féin dul chun cinn a dhéanamh ina shaol-sa. Fear cliste meabhrach, gan dabht ar domhan, ach níorbh ann do na deiseanna dόsan agus é ag fás aníos. I ndiaidh an Teastais Sόisirigh ab éigean dό an scoil a fhágáil tar éis bhás luath a athar féin. É ag saothrú a choda dá mháthair agus don chlann in aois sé bhliana déag dό, agus é ag feiceáil a chomhleacaithe ag glacadh Ardteiste agus ag dul ar aghaidh sna coláistí tríú leibhéil. Iad anois ina ndlíodόirí, ina n-innealltόirí, ina ndochtúirí agus eile. Tithe galánta acu agus a  n-ainmneacha in airde mar phroifisiúnaithe den uile chineál. Agus sin é, cuid mhaith, a d’fhág searbh gonta é. An mhothálacht ina h-ainriocht ann ό shin. Fiú i gcás a iníne féin, ní fhéadfadh sé a feabhas-sa a cheiliúradh nuair a tháinig an scéal mόr fúithi chun an tí όn scoil. Throid sé ina choinne féin istigh, é ag iarraidh uaisleacht éigin a mhúscailt an lá speisialta seo, ach ní fhéadfadh sé é. Gortú úd blianta an easnaimh á dhό go smior i gcόnaí. Míchothromaíocht, an éagόir shόisialta, agus an titim fhéinmhuiníne dá réir. Agus bhí an nimh ina ghoimh air de bharr na h-easpa deise. 


“Ach, a Mhaitiú, a chroí, is í ár n-iníon í, agus is onόir mhόr di é – onόir mhόr dúinne, mar thuismitheoirí, go deimhin – go bhfuil sí roghnaithe as na céadta chun an chaint bhliantúil seo a thabhairt. Tá cailíní agus buachaillí in aon rang léi a bhfuil an uile bhuntáiste sa saol seo acu, gan trácht ar na mílte eile i scoileanna na tíre, ach ní duine díobhsan a roghnaíodh chun an chaint seo a thabhairt. Ár n-iníon féin a roghnaíodh, Daire s’againne. Nach dtioc–”


“Fuist, a Dhoireann. Nílim ag dul i bhfoisceacht scread asail den chaint sin anocht, agus sin sin. Boic mhόra na sochaí agus iad lán dá ngalántacht agus dá dtábhacht féin a bheidh ann. Iad ag breathnú anuas ar ár leithéidne mar a bheadh smaoisín srόine nό cac muice ann. Anois, níl bac ar bith á chur ar Dhaire agam dul agus a caintse a thabhairt, agus bail ό Dhia uirthi murab í atá cumasach meabhrach. Ach ní fheicfear tusa ná mise ann, mar nach bhfuil aon fháilte romhainn ag a mbeidh ar an láthair.”


“Fáilte, a Mhaitiú! Céard tá á rá agat, a chéile liom! Fáilte, a deir tú! ’S nach bhfuil cuireadh oifigiúil tugtha dúinn a bheith i láthair chun éisteacht léi?”


“Arae, cuireadh, a bhean! Cuireadh mar go gcaithfidis cuireadh a thabhairt dúinne, tuismitheoirí an chainteora.”


“Ach, a Mhaitiú, cén fáth go mbacfaidis le cuireadh a thabhairt dúinn murach go –”


“Murach tada, a bhean, agus sin sin. Anois, tuig seo: nílimidne chun a bheith ar an láthair sin anocht.”   


“Ach, a Mhaitiú, nach é a chuideodh leis an mbearna shόisialta a mbíonn tú ag caint air a dhúnadh, ar bhealach beag éigin, go mbeadh muidne agus ár leithéidne ann. Nach creidiúint dúinne chomh maith é go bhf– ”  

“Dún, a bhean, dún!”


Agus sin é a rinne Doireann. Dhún sí a béal, agus í croíbhriste istigh gur airigh sí go gcaithfeadh sí sin a dhéanamh. A hiníon féin á tréigean aici toisc dúntacht an athar. Ach, d’ainneoin na díomá, thuig sí dá fear céile cuid mhaith. Ba mhaith ab eol di mar a d’fhulaing sé sa saol agus nach raibh de chumas ann an fhulaingt sin a shárú. Ach bhí a fhios aici i gcόnaí go raibh uaisleacht agus cineáltacht ann mar fhear. Agus grá as cuimse. Thabharfadh sí όr agus airgead ar é a shaoradh as carcair an diúltachais a bhrúigh an saol air. Dá bhféadfadh sé a chúngacht féin a shárú, tá a fhios ag Dia gurb é sin go díreach a dhéanfadh sé. Ach ní raibh an mírín sin ina dhéanamh aige, agus b’fhéidir ina dhiaidh sin agus uile, nárbh air a bhí iomlán an lochta. 


Is é an rud álainn faoin achrann seo uile ná go dtuigeann Daire dá hathair, chomh maith. Tá a fhios aici a uaisle is atá sé. Tá a fhios aici an sclábhaíocht saoil atá déanta aige chun í féin agus a máthair a chothú agus a choinneáil slán compordach sa saol. Tuigeann sí dό. Tuigeann sí, murach é, nach mbeadh ann don slacht ná don cumas atá uirthi. Sea, tuigeann, ach ní hin le rá nach bhfuil briseadh croí uirthi ar a shonsa. Ní mό rud a shasόdh í ná go bhfeicfeadh sí a hathair, Maitiú Ó Gealbháin na huaisleachta, ag sárú fadhbanna na cúngachta atá brúite air ag tarlúintí an tsaoil. Ní mό eile a shásόdh í, bíodh is go bhfuil sí neirbhíseach sceitimíneach, ná go bhfeicfeadh sí a tuismitheoirí beirt ina suí os a comhair amach agus í ag cur di is d’oíche. Samhlaigh é. Iníon siadsan, nach bhfuil de mhaoin acu ach a ndόchas ar a sonsa, agus go bhfeicfidis Daire – a n-iníon féin – ag roinnt a gaoise le            héisteoirí na hoíche. Gaois nach bhféadfadh sí a bheith aici murach uile íobairt a tuismitheoirí ar a son. 


Ach tuigeann Daire go bhfuil an saol mar atá, agus ní laghdaíonn rud ar bith an grá, an meas agus an buíochas atá aici dá tuismitheoirí beirt. Éiríonn sí, tugann aghaidh ar dhoras an tseoimrín agus déanann ar halla na cainte … 

Caibidil 1

Caoine, Cothú agus Moladh

Airíonn Daire an t-allas á ardú féin ar a cláréadan. Mirlíní beaga fliuchrais, iad á réiteach féin don sileadh. Don titim. Doirteadh goirt na ndeor réshilteach allais á bhféinphrímeáil don sruthlú. Deora atá trombhailithe ina gcathlán líneach taise ar mhala an chainteora óig. Gach aon mhirlín díobh ar crochadh ar aill phriaclach na súl uirthi, mórán mar a bheadh bláth bolgach fiúise ag bagairt talún air féin sa titim, lá leoithneach fómhair.

Aimhe óige Dhaire ag troid in aghaidh na heaspa féinmhuiníne. Í iomlán neamhchinnte di féin ina láthair siúd atá meallta isteach chun cluas a thabhairt dá caint. Idir shaoithe agus acadóirí, idir fhealsaimh agus eaglaisigh, agus daoine eile mar iad ar an láthair – iad den sórt a déarfaí a bheith urramach. Iad measúil. Údarásach, fiú. Ar chuireadh atáid uile tagtha chun éisteachta. Agus táthar ann nach bhfuil i measc an chomhluadair. Tuataí na cosmhuintire, nach bhfuair aon chuireadh chun na h-ócáide, ceal stádas acu a bhronnfadh faofacht orthu teacht ar aon láthair leis an gcuid eile. Is boichte don tionól seo é nach mblaisfear smid dá ngaois-san de cheal a bhfáilte chun an t-séire intinne. Agus, go mόr chun tosaigh ina h-intinnse, tá a tuismitheoirí féin, ar tugadh cuireadh dόibh ach, ar a gcúiseanna féin , nach bhfuil ar an láthair.

Luíonn súile an ghearrchaile ar chloigeann an mhicreafóin atá sínte ina treo. É beo bagrach ag ceann an chuaille mhiotalaigh, an micreafón. É i bhfoisceacht sé orlach dá liopaí. Liopaí atá tirim. Liopaí atá creathach. Liopaí atá balbh-bheolach, go nuige seo. Ach, leis sin, as cearn chasta éigin i gcathair ghríobháin na h-inchinne, splanc na cainte …

“Bímis caoin dá chéile, a chairde. Cineálta. Bímis caoin dóibhsiúd a bhfuil aithne againn orthu, don té atá difriúil, don strainséir, don aineolaí. Bímis caoin don ainmhí agus don Nádúr. Bímis caoin. Tuigimis gur mó ná sinne amháin atá tábhachtach ar an bhfód saolta seo. Cinnte, ceiliúraimis a chéile. Ceiliúraimis ár n-eagna agus ár n-éagsúlacht. Ceiliúraimis ár dtallanna. Níl fáth nach ndéanfadh. Ach ceiliúraimis, leis, an chloch agus an choill, an t-ainmhí agus an t-aer, an feithidín agus an fraoch. Ceiliúraimis iad siúd a cheaptar, go fealltach fabhtach, a bheith ró-bheag le go ndéanfaí aon cheiliúradh orthu. Agus cuimhnimis, a chairde, nach mór go beag riamh. ‘Ní bád go clár’, mar a déaradh seachtar seanóirí ár sinsear na cianta siar, agus cé muide le go ndéanfaimis snámh in aghaidh ársaíocht agus uaisleacht na toinne gaoise sin? Ceiliúraimis saibhreas na beatha agus na n-eilimintí saoil ina n-uile riocht, ’gus ina n-uile ainriocht, leis. ’S céard é is ainriocht ann, i ndáiríre píre, ach riocht reachta i measc flúirse na n-uile riocht sin?”

Dá dtoil féin, más fíor gach dealramh, a éalaíonn na friotail go fileata as béal na girsí. Í féin ag déanamh iontais den chaint atá tagtha chuici. Tagtha uaithi. Iad séidte chuici, iad seolta ar mhoing ghaoithe na gléghaoise’, seans, le go ndéarfaí iad, le go mblaisfí díobh – na friotail. Gan aon réiteach déanta aici faoi choinne na hoscailte sin agus gan a fhios aici cad as a d’eascair na focail féin. Titeann a dá shúil ar Chiarán Ó Ceallaigh, an seanmhúinteoir Béarla, atá ina shuí i gceartlár an tslua os a comhair amach. Sármhúinteoir. Sármheantóir. Sár-oide. Tá cuma na sástachta air agus é ag éisteacht le hoscailt an déagóra. A dhaltasa. A súile beirt i gceangal ar a chéile soicind. Dhá shoicind, b’fhéidir. A fhios ag an seanóir gurb í an cailín seo is fearr a dhéanfaidh beart. 

An Ceallach sna seachtainí deireanacha dá dhá scór bliain mhúinteoireachta, agus seoltar chuige, i mbliain dheiridh seo na h-iarrachta aige, an seoidín arb í Daire Ní Ghealbháin. Eagna. Eiseamláir. Eisceacht. Agus ise agus a muintirse chomh beo bocht déircínteach lena bhfuil ann – lena raibh ann riamh – de chlanna in abhantrach na scoile. Gan flúirse ná fiú deis na flúirse acu. Cén seans riamh gurbh ise a thiocfadh chun cinn thar na deicheanna de chéadta lenar chaith an múinteoir croíúil dá dhúthracht thar na blianta? Na céadta nárbh eol dóibh cruatan saoil nó ganntanas ar an dóigh is eol don ghearrchaile a sheasann ag ceann halla an tionóil seo iad. Cén seans? Ach, seo! Tuar misnigh! Tuar dóchais! Dóchas don todhchaí go mbainfí amach an méid a shantaigh sé féin a chur i gcrích siar na blianta, nuair a bhí sé níos óige agus níos fuinniúla ná mar atá anois. B’in an tráth nuair nach raibh an creimire úd de lóistéir amplach ag ithe phutόgaí a bhoilg istigh.

An sean-oide seargtha, caite, spíonta ag an iarracht ag an bpointe seo. Déine na múinteoireachta, déine na dúthrachta úd, déine na h-iarrachta thar achar fada na mblianta is cúis leis an bhfuinneamh a bheith ar lagthrá ann anois. É imithe i ndísc, nach mór – an fuinneamh. Baol triomaigh. A fhios aige, ina óigfhear dó, fiú, nach raibh bua na cainte – bua na hóráidíochta – aige, mar a bheadh ag teastáil chun an gníomh ba ghá a dhéanamh a chur i gcrích. Méid an ghnímh sin, thar aon ní eile, ba mhó a chuir faitíos air. É féin i gcónaí iontach sa chomhthéacs ranga maidir le caint ghríosach spreagúil a thabhairt do dhaoine óga. A fhios aige i sábháilteacht an domhain bhig sin go raibh de chumas aige i gcónaí dul i gcion ar mheonta óga agus iad a spreagadh chun leas an tsaoil a dhéanamh. Sea, é ar a chompord sa seomra ranga. Rí tuaithe ina dhúiche bheag féin. Agus ina dhúiche féin a d’fhanfadh. Fios aige gur faoi dhuine éigin eile a bheadh sé na stríocaí fairsinge leathana a tharraingt ar an gcanbhás mór. Ceist ama. Am! Rud nach raibh aige a thuilleadh. Ceist fhanachta.

Cruachás an íochtaráin, cneámhaireacht lucht an rachmais, lámh leadarthach na n-údarás á h-imirt ar an lag. Ar an mbeag. B’iad sin, go deimhin, ba chás leis an gCeallach sa chéad oscailt súl ar an saol a thugadh sé dá dhaltaí i dtús gach aon bhliain. Ach cuir amach go poiblí é chun labhairt os comhair an tslua agus bhuailtí é chomh balbh leis an gcloch lá fliche. Greim scéine ar a chroí. Easpa fhéinmhuiníne. An gad úd ar a theanga i láthair na droinge móire a chráigh le fada é. 

Ach, d’ainneoin a shrianta is a d’airigh sé, mhair an lóchrann ina anam ar feadh i bhfad. Loinnir dhóchais. Loinnir dhóchais a ghéill a dhóchas féin don leath-loinnir in imeacht ama, agus ina dhiaidh sin arís, don chlapsholas. Tuiscint chuige ag am an chlapsholais úd gur ról eile a bhí leagtha amach dó, i ndáiríre. Ról eile. Tuiscint chuige, leis, mura mbeadh de dhéanamh ann féin dul i gcion ar na sluaite le deisbhéalaíocht na cainte poiblí, nárbh fhearr a dhéanfadh sé ná an té ab fhearr a dhéanfadh a leithéid a aimsiú agus a oiliúint faoina choinne sin. An té, b’fhéidir, a mbeadh de bhua aige, nó aici, anáil na tuisceana, anáil na daonnachta, anáil an bhráithreachais a shéideadh isteach i gcroíthe fuara agus in anamacha ocracha. Anáil a dhéanfadh idir mhianta ’gus mheonta, idir chnámha agus mhatáin a ghríosadh chun ghnímh. Is mór mar shásamh anois dó é puth-anáil an tionchair a bheith séidte aige ar an lóchrann úr. An lóchrann arb í an Gealbhánach óg.  Ach é de ghaois aige ó thús gan aon seilbh a ghlacadh ar an duine sin. Cead saoirse an smaointeora i gcónaí chun tosaigh ina thuiscint féin aige. Cead Saoirse. Ceart saoirse.

“Go ró-mhinic a chaitear cloch an diúltachais nuair is fuiriste – nuair is uaisle, go deimhin – an rud maith a dhéanamh nó a rá,” arsa Daire leis an slua istigh. “Molaimis an óige – sea, déanaimis sin, go cinnte. Ach molaimis an sean chomh maith, agus ná dallaimis sinn féin ar an idir eatarthu. Aithnímis ar a chéile go bhfuil cúis an mholta sin againn … go bhfuil sin dlisteanach … go bhfuil sin ceart. Agus ná ceapaimis gur lú aon mholadh orainn féin toisc go moltar duine eile chomh maith. Le fírinne, nach raimhre sinn go léir agus nach saibhre i bhfad é dearfacht an tsaoil nuair a dhéantar amhlaidh? ’S nach fearr dúinn uile gur mar sin a bheadh?”

“Ceist ón urlár!” arsa cathaoirleach na hócáide. Is leor é caint ghonta an reachtaire le nach mbriseann sé an t-atmaisféar atá ginte ag focail ghaoismheara Dhaire. 

“A aoichainteoir,” arsa fear atá thíos ar dheis ar Dhaire agus í ag breathnú ar an gcomhluadar atá os a comhair amach, “cén chiall an moladh seo do chách? Nach é a bheadh mar thoradh air ná go gceapfaimis an iomarca dínn féin dá mbeadh gach aon duine beo le moladh? Go dtanófaí é mar mholadh?”

“Is mór agam do cheistse, a dhuine chóir, agus measaim go dtuigim fáth a curtha. Ach, cén chiall, a fhiafraíonn tú! Cén chiall, peut être! Cén mhíchiall, a fhiafraímse. Cén mhíchiall é gan an focal moltach a leathadh ar an té a bhfuil sin go géar de dhíth air, seans? Is cruinn í ár gciall nuair is mar sin a dhéantar lenár moladh, bíodh an moladh sin don té atá mór nó don duine atá beag. Is cruinn í ár gciall don moladh ar an iarracht atá mór agus ar an iarracht atá beag. Is cruinn, go deimhin, í ár gciall go dtabharfaí focail mholta ar an iarracht fhónta is lú dá ndéanfaí riamh. Arae, ní hé a mhéid ná a laghad a chinntíonn fóntacht an ghnímh, ach a dhéanamh. Chuile sheans go ndéanfaí an dara gníomh de thoradh ar an moladh a bheith tugtha don chéad iarracht. Agus féach, a chara, nach ann d’aon chostas ar na briathra bráithreachais nó ar na bearta buíochais riamh. A dhath a ghearrtar ar a leithéidí. 

Ar an aer a sheoltar chugainn iad, agus is ar an aer is cóir dúinne iad a leathadh ar ár mbráithre, chomh maith. Teannaimis dá chéile le go neartófaí ar ár stór féinmhuiníne. Stór an tsaibhris. Gairdimis faoi scáth sonairteach fial an chéileachais.”

An Ceallach faoi gheasa ag a bhfuil á chloisteáil aige uaithi. Macasamhail a fhealsúnachta féin, nach mór, le dhá scór bliain anuas. É á chraobhscaoileadh ag an scoláire, ach gur de réir a tuisceana féin atá sin á dhéanamh aici. A cló sainiúil féin ar a cuid smaointeoireachta ag an ngirseach. Gan ann ach caitheamh cloiche i linn na lachan le go ligfear leis leathnú lacstrála a dhéanamh. In imeacht ama, ní leatsa an fhealsúnacht, mar ní hí an fhealsúnacht chéanna a thuilleadh í. Den ala céanna, ní le h-aon neach amháin é an fhealsúnacht, ach le gach aon duine beo é. Ar scáth a chéile … Cloch le carn … Agus is maith mar a thuigeann an seanmhúinteoir an méid sin. 

“Airímis treoir ghaoismhear na seanóirí sna cúrsaí seo, a chairde.” arsa Daire. “Dírímis ár n-aird ar a ndúirt siad linn ar an ábhar seo. Idir fheasacht agus chiall á n-úscadh astu lena mbriathra: ‘Scaoil uait go croíúil flaithiúil, mar atá dlite ort a dhéanamh, agus fairsingeofar duit, ach teannaigh chugat mar a dhéanfadh sprionlóir spárálach lá soininne, agus  tachtfar idir chroí agus anam ionat’.” Agus a fhios ag an gCeallach, chomh maith, cé acu eilimint den rogha sin is cuí, cé acu sin is fearr. 

“Gairdimis, a chairde!” arsa Daire. “Gaudeamus!” 

Agus, leis sin, síneann sí a ciotóg i dtreo na gloine atá ar an mboirdín beag darach atá taobh léi agus blaiseann sí den uisce atá inti. Cathaoir ar an láthair di agus cathú soicind uirthi í féin a ísliú chun suí.  Ach é rud beag luath don ealaín sin, a mheabhraíonn sí di féin. Seal sosa …

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.