Insealbhaíodh an deichiú Uachtarán ar Éirinn, Catherine Connolly, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
Jack Mac Íomhair
Is deireadh ré atá ann agus Mícheál D Ó hUigínn ag fágáil slán le hÁras an Uachtaráin i ndiaidh dó ceithre bliana déag a chaitheamh ansin.
Beidh roinnt cuimhní maithe ag an tír ar an Uachtarán atá anois 84 bliain d’aois. Tá lorg nach beag fágtha ag Ó hUigínn ar an Áras agus ar an tír.
Agus an tÁras á fhágáil aige gabh Mícheál D a bhuíochas le muintir na hÉireann. Dúirt sé gur mór an phribhléid dó a bheith ina Uachtarán ar Éirinn. Labhair sé faoi na ceisteanna, tionscadail agus smaointe ar chuala sé fúthu agus é ina Uachtarán.
Chríochnaigh sé a ráiteas ag rá, ‘Guím gach beannacht ar mhuintir na hÉireann don todhchaí”.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!