Tá droch-iarmhairtí ag eascairt ó thoradh thoghchán na huachtaránachta don Taoiseach Micheál Martin agus an teip ghlan a bhain lena chinneadh féin iarrthóir agus straitéis Fhianna Fáil a roghnú thar ceann an pháirtí agus an neamhaird a rinne sé de bhaill an pháirtí. Mar is eol do chách in Éirinn anois agus i dtíortha eile, bhí ollbhua cuimsitheach ag an iarrthóir neamhspleách clé Catherine Connolly le 63% den vóta agus 914,143 vóta. Bhuaigh sí i gcoinne beirt iarrthóirí na bunaíochta, Heather Humphreys ó Fhine Gael a fuair 29% agus Jim Gavin ó Fhianna Fáil ina fheachtas gan rath le 7%.
Bhí 213,738 vóta eile a cuireadh amú d’aon ghnó, 12.9% díobh siúd a tháinig amach, chun míshástacht sa phróiseas toghchánaíochta a léiriú, daoine ar an eite dheas i bhfad amach nó bunchreidmhigh Chaitliceacha den chuid is mó.
Maidir le Martin féin, ba eisean a bhrúigh an cinneadh Jim Gavin a roghnú gan dul i gcomhairle lena chomhghleacuithe sa pháirtí pairliminte. Cé go raibh an-cháil ar Jim Gavin mar bhainisteoir peile rathúil Bhaile Átha Cliath, bhí sé soiléir ón chéad teagmháil a bhí aige leis an bpobal nach raibh deis a labhartha aige agus nach raibh sé ar aon slí cumasach do ról uachtarán na tíre. Leis an gcinneadh seo brúite tríd na gnáthnósanna imeachta le rogha iarrthóra Martin, bhí Fianna Fáil gafa leis. Go luath san fheachtas, tharraing Gavin amach amach mar gheall ar scannal nár íoc sé €3,300 ar ais do thionónta dá chuid, leaseagarthóir an Sunday World.