
Is léir don dall, measaim, go bhfuil praiseach déanta ag an rialtas de scéal na hinimirce. Ábhar náire don chuid is mó ar fad dínn na círéibeacha ciníocha agus bagairtí foréigin, ach tá fíorfhadhbanna ann agus ábhar ceart díospóireachta. Is fuath liom ciníochas, beag a dhéanamh de dhaonnacht duine eile toisc gur as cultúr éagsúil é nó í. Nó toisc go bhfuil dath dorcha ar a gcraiceann.
Ach ní hé sin le rá go bhfuil sé ciníoch amhras a bheith faoin inimirce.
Tá mé féin amhrasach faoi inimirce gan srian. Ar dtús, tá sé ríthábhachtach go bealach soiléir a bheith ann le daoine ón taobh amuigh a imeascadh inár sochaí dúchasach. Sa chomhthéacs sin, is ábhar gliondair dom páistí as cúlra eachtrannach a fheiceáil i nGaelscoileanna.
Níl an oiread ann, ámh. Tá a fhios againn go dtugann an Roinn Oideachais, nó an Roinn Éadóchais mar a thugtaí uirthi blianta ó shin, comhairle do dhaoine ón taobh amuigh gan freastal ar Ghaelscoil, agus go minic gan a bpáistí a chur sa rang Ghaeilge fiú.