Margaretta D’Arcy, saol liteartha agus gníomhaíochta síochána

Jenna Goulding

Fuair an ball d’Aosdána agus an gníomhaí síochána, Margaretta D’Arcy, bás Dé Domhnaigh seo caite, agus 91 bliain d’aois curtha di aici.

Rugadh in 1934 i Londain í. Ba státseirbhíseach é a hathair, Joseph D’Arcy, agus bhí sé ina bhall den IRA i rith Chogadh na Saoirse. D’fhreastail sí ar Choláiste na Tríonóide agus rinne sí staidéar ar dhrámaíocht. 

Ba scríbhneoir agus gníomhaí cultúrtha í, ag cur le saol liteartha agus ealaíon na hÉireann. I measc a húrscéalta tá, Tell Them Everything (1962) agus Awkward Corners (1988). Ina measc a drámaí, tá Prison-Voice of Countess Markievicz, A Suburban Suicide agus Women’s Voices from the West of Ireland. Chraol RTÉ agus BBC a lán acu.

Fuair D’Arcy dhochtúireacht oinigh ó Ollscoil na Gaillimhe in 2022, ach thug sí ar ais í ina dhiaidh sin mar fhreagairt ar pholasaithe na hollscoile.

Bhí D’Arcy san iomaíocht san olltoghchán anuraidh. Rinne sí feachtasaíocht i mbliana ar son Catherine Connolly i dtoghchán na huachtaránachta. Thug Connolly cuairt uirthi le déanaí nuair a cuireadh isteach san ospidéal í.

‘Mad, bad and dangerous’ ba é ceann de na manaí feachtas a bhí aici, agus bhí sí ag iarraidh cumhacht a thabhairt ar ais do na húdaráis áitiúla agus deireadh a chur le húsáid Aerfort na Sionainne le haghaidh fórsaí mhíleata.

Ghlac D’Arcy páirt go rialta in agóidí ag léiriú tacaíochta don phobal Palaistíneach ar feadh dhá bhliain. Chaith sí roinnt blianta i bpríosún as a seasamh i gcoinne úsáid Aerfort na Sionainne le haghaidh fórsaí mhíleata.

Bhí D’Arcy gníomhach ar feadh breis agus 70 bliain, cuid mhór den am sin i gcomhar lena fear céile John Arden. Fuair Arden bás roimpi in 2012. Ba bhall d’Aosdána eisean freisin. Ina theannta sin, ba scannánóir, drámadóir agus gníomhaí é. Ghlac Arden páirt i bhfeachtas Greenham Common in aghaidh diúracáin chúrsála a thabhairt isteach san Eoraip.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.