Maíodh gur dhiúltaigh tiománaí de chuid Translink daltaí Choláiste Feirste ar an bhus

Scríobh an tAire Sóisearach Aisling Reilly chuig Translink maidir leis an eachtra

Jack Mac Íomhair

Maíodh nach raibh cead ag daltaí ó Choláiste Feirste dul ar bhus 106 a théann ó Chromghlinn go Béal Feirste. 

Maíodh gur chuir an tiománaí bus ceist ar na daltaí, ‘An as an Ghaelscoil iad,’ agus dúirt sé leo nach raibh cead acu teacht ar an bhus as siocair go raibh bus ann a théann chun na scoile.

Dúirt comhalta den tionól reachtach de chuid Shinn Féin agus aire sóisearach in Oifig an Fheidhmeannais Aisling Reilly nach bhfuil seirbhís thiomnaithe a théann ó Chromghlinn chun na scoile agus go mbíonn roinnt de na daltaí ag brath ar an tseirbhís 106. 

Dúirt sí fosta go mbíonn an bus in úsáid ag na daltaí go laethúil agus gur cúis imní í gur diúltaíodh dóibh agus gur tugadh breagmhíniú dóibh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.