“Má chailltear ár bhfeirmeoirí óga, cailltear croílár tuaithe na hÉireann”

Tá rabhadh tugtha ag Uachtarán Macra, Josephine O’Neill, go mbeadh “iarmhairtí tubaisteacha” ag baint le cailliúint fhéideartha dhíolúine na níotráití in Éirinn do’fheirmeoirí óga, d’iontrálaithe nua, agus do chothú fadtéarmach na talmhaíochta in Éirinn. 

Agus í ag labhairt ag cruinniú náisiúnta maidir le díolúine na níotráití a reáchtáladh i margadh an Chairn cóngarach do Mhainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, dúirt O’Neill gur ábhar imní é an cheist seo do gach feirmeoir, “ach d’fhéadfadh sí a bheith tubaisteach dár bhfeirmeoirí óga, d’iontrálaithe nua, agus do thodhchaí ár n-earnála.” 

“Le blianta fada anuas, táimid ag caint faoin ngá atá le hathnuachan idirghlúine sa talmhaíocht in Éirinn,” a dúirt sí. “Táimid tar éis daoine óga a spreagadh chun staidéar a dhéanamh ar thalmhaíocht, seilbh a ghlacadh ar fheirm a dteaghlaigh, agus creidiúint a bheith acu go bhfuil todhchaí acu ar an talamh. Ach anois, tá an todhchaí sin féin i mbaol.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.