Mar a luadh in eagrán 53 táimid bliain ar an bhfód agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh a léitheoirí as bhur dtacaíocht leanúnach tríd an mbliain. Is nuachtán neamhspleách sinn nach bhfaigheann aon bhunmhaoiniú ón stát agus níl aon mhórnuachtán taobh thiar dínn ach an oiread. 

Is é An Páipéar an t-aon nuachtán Gaeilge. Tá tábhacht mar sin leis mar institiúid Ghaeilge. Is trí thacaíocht ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhfuilimid ag feidhmiú. Gan sibh ní bheadh An Páipéar ann. Is éacht gur éirigh linn maireachtáil le bliain anuas. Ach cosúil le gach nuachtán eile, tá costais againn ar nós costais chlódóireachta, scríbhneoirí, árachas, cíos agus go leor leor costais eile. Ba mhaith linn forbairt a dhéanamh ar an nuachtán, go mbeidh níos mó leathanach ann, le níos mó ábhair istigh ann agus níos mó scríbhneoirí ag scríobh dó. 

Breathnaímid ar An Páipéar mar mhol do phobal na Gaeilge gur féidir an nuachtán a úsáid mar áis chun cuidiú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Tá mar shampla sceidil TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Fáilte istigh ann. Bíonn liosta d’imeachtaí Gaeilge na seachtaine ar fáil freisin. Bíonn crosfhocal ann gur féidir do stór focal Gaeilge a thástáil. Gan trácht ar an nuacht is déanaí i dtaobh shaol na Gaeilge de. Ach tá sé mar fhealsúnacht againn nach mbeidh formhór na nuacht ina scéalta faoin nGaeilge, ach go mbeidh mórscéalta nuachta mar phríomhábhar an nuachtáin ar nós aon nuachtáin eile chun normalú a dhéanamh ar an nGaeilge. Bíonn ailt tuairimíochta, anailíse agus tuairisceoireachta mar chuid de na scéalta sin. Ba mhaith linn freastal ar gach duine agus mar sin tá ailt léamhthuisceana agus cúrsaí gramadaí againn chomh maith chun cuidiú le daltaí scoile agus foghlaimeoirí Gaeilge.  

Conas is féidir libh cuidiú le An Páipéar? Mar atá luaite, is mol é seo do phobal na Gaeilge, agus mar sin ba bhreá linn go mbeidh pobal na Gaeilge i dteagmháil linn, más litir a scríobh don eagarthóir, fógraí breithe, báis, grá nó aon fhógra pearsanta eile a chur isteach agus, nó ag rá linn faoi aon imeacht Gaeilge atá sibh á eagrú. Abair le do chairde faoi An Páipéar go pearsanta nó ar na meáin shóisialta. Ceannaigh An Páipéar i do shiopa áitiúil nó faigh síntiús. Nó má tá tú ag iarraidh tacaíocht bhreise a thabhairt do An Páipéar is féidir tabhartas a thabhairt ag anpáipéar.ie/tabhartas.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.