Nuair a d’éiligh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar an eagraíocht treallchogaíochta Hamas glacadh lena phlean síochána do Gaza, tar éis dhá bhliain de chindhíothú lom ó Arm Iosrael ar phobal na críche sin, gheall sé bagairtí móra orthu chun iad a ghríosadh glacadh leis an bplean ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Ghlac go leor leis an bplean, Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ina measc (staon an Rúis agus an tSín ón vóta). Cé go raibh a lán lochtanna ar an bplean, b’fhearr sin ná leanúint ar aghaidh leis an gcinedhíothú. Dúirt Hamas go ndéanfadh siad machnamh air.
De réir an plean bhí ar Hamas dí-armáil agus na gialla Iosraelacha a bhí acu a scaoileadh saor. Ina theannta sin, bhí orthu glacadh le riarachán idirnáisiúnta ar Gaza, an Bord Síochána faoi cheannas Tony Blair, mar dhea, le fórsa míleata ón Éigipt, Catar, an Tuirc agus tíortha eile chun an tsíocháin a choimeád. D’éireodh Iosrael as a n-ionsaí ar chríoch Gaza agus scaoilfeadh siad na céadta gialla Palaistíneacha saor.