Díbríodh 52 duine go Seoirsia ón Éirinn an seachtain seo

Domhnall Mac Concharraige

Tuairiscíodh gur díbríodh 52 duine ón tSeoirsia ar chairteitleán ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. I measc na ndaoine sin bhí seachtar páistí. D’fhág an t-eitleán Baile Átha Cliath ag 7 a chlog tráthnóna Dé Máirt an 4 Samhain agus thuirling sé ag 2 a chlog ar maidin. Tuairiscíodh freisin go raibh na Gardaí, dochtúirí, breathnóirí ceart daonna, agus oifigigh inimirce i láthair ar an rúidbhealach. Thug an tAire Dlí Jim O’Callaghan ráiteas lena rá gur dibríodh 351 duine ó thíortha eagsúla ó thús na bliana. Lean sé ar aghaidh le rá gur éisíodh 3,870 ordú dibeartha ó thús 2025. Chríochnaigh sé an ráiteas ag rá go bhfuil formhór na ndaoine de bhunadh na Seoirsia atá ina gcónaí in Éirinn anseo go dleathach agus go gcuireann siad go mór le sochaí na tíre agus leis an ngeilleagar.

Is léir gur nós nua í an phoiblíocht seo ó na Gardaí agus an Roinn Imirce, griangraif d’orduithe díbeartha a fhógairt ar na meáin shoisialta agus sna nuachtáin. Caithfear ceist a chur an bhfuil siad á dhéanamh toisc go gceapann siad go laghdóidh sé an brú atá ag teacht orthu ón bpobal. Is léir go bhfuil praiseach á dhéanamh acu de chóras na seirbhíse coimirce idirnáisiúnta, ach caithfear a rá nach bhfuil an locht ar na daoine bochta atá ag teacht go hÉirinn. Tá Rialtas na hÉireann ciontach as an raic seo a thosú, ag cur na n-ionad i gceantair atá faoi bhrú agus faoi mhíbhuntáiste. Caithfear ceist a chur fosta cén fáth a bhfuil siad ag leanúint leis an gcóras seo nuair a chuireann sé brú ar an bpobal agus go bhfuil a bhformhór ag léiriú go síochánta nach bhfuil an ceantar oiriúnach do líon mór daoine mar atá sé. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.