Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie.  Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Píobarnach (6)
4. In éineacht leis: i bh_ _ _ _ _ _ _ (7).
8. Teacht beag aon stór (6)
10. An tslí a mothaíonn tú nuair atá rudaí go maith (5)
11. Claonadh (9)
12. Stáisiún teilifíse náisiúnta na hÉireann (3)
13. Bhí sé curtha i bhfolach aige: bhí rud éigin faoina _ _ _ _ aige (4)
14. Tarraingím amach (é) (5)
16. Gheall sé gach rud dom, gheall sé na hoirc is na _ _ _ _ _ dom (5).
19. Feithicil easbhóthair a thiomáintear ar fheirmeacha agus ar dhumhcha (10)
20. Mear (4)
21. Dom, duit, dó, _ _ (2)
23. Cruth (10)
25. Áit iargúlta (6).
27. Éalaigh (5)
28. Iompraíonn siad daoine ó urlár go hurlár (12)
29. Camhaoir, breacadh an _ _ _ (3)
30. Fiáin agus gaigiúil (10).
35. Istigh leis seo? Faoi _ _ _ _ (4)
38. Néata (iolra) (11)
39. Daoine a bhfuil an iomad scileanna acu bíonn siad mar seo (iolra) (9).
40. Má bhaineann nathair nimhe greim asat, tóg é seo go tapa (7)

Síos

1.  Druga neamhdhleathach atá ina chúis ainnise d’andúiligh (6)
2. Is féidir leat dul chun na Fraince nó chun na Breataine Bige ar bhád ón mbaile seo (3,4)
3. Rugadh Jules Vernes sa chathair seo atá in iarthar na Fraince (6)
4. An cumas fanacht le rud (7)
5. Tá sé dea-chothaithe: Tá _ _ _ _ _ _ maith aige (6)
6. Tír i lár na hÁise, Tashkent an phríomhchathair (14)
7. Duine mí-ámharach: giolla an _ _ _ _ _ _ _ _ (8)
9. Beatha mhaith (8)
10. Deacracht (7)
15. Saibhir (10)
17. Daoine a cheannaíonn agus a dhíolann rudaí (13)
18. Duine drochmhúinte (9).
19. An uirlis a úsáideann na mná agus an sliotar san aer acu (gin) (7)
22. Talamh nó cluain (4)
24. Trasna ansin (5)
26. Úinéir maoine gan choinníoll nó muirear (9)
31. Scairt chaithréimeach (6)
32. Éan uisce (gin) (6)
33. Cuir i bpriosún (briathar) (6).
34. Na deartháireacha Marx: Chico, _ _ _ _ _ agus Groucho (5)
36. Íomhá, fís, téacs, srl a scaipeann úsáideoirí ar an idirlín (4)
37. Bia déanta as taos (plúr, uisce agus giosta) (4)

Freagraí ar Crosfhocal #54

TRASNA: 3. Fearthainneach 7. Nós 8. Créalach 9. Cacht 11. Griothal 13. Ruán Beag 14. Sárchéim 17. Poll 19. Rian 21. Ragús 22. Rócham 24. Máirt 26. Críonmhíol 28. Cartús 30. Ionadach 32. Eric 35. Sroichim 36. Iarfhocal 37. Rua 38. Nua-eisithe
SÍOS: 1. Éanlann 2. Tascar 3. Fiacháil 4. Torchaire 5. Iolartán 6. Cúlra 10. Tobar 12. Oscartha 14. Sacán 15. Éaganta 16. Masmas 18. Oíchí 20. Sracaimsir 23. Aonadach 25. Bhacainn 27. Lúmaire 29. Fearas 31. Naofa 33. Crobh 34. Galrú
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.