Cathal Ó Murchú
Ó thosaigh Cogadh Cathartha na Súdáine i mí Aibreáin 2023, dhá bhliain go leith ó shin, tá deighilt thíreolaíoch déanta ar an gcríoch. Is iad na céilí comhraic atá ag tabhairt aghaidh ar a chéile fórsaí armtha an rialtais sa phríomhchathair agus san oirthear agus Fórsaí Mearthacaíochta san iarthar. Ó chaill fórsaí an raltais Cathair Al Fashir san iarthar tá an deighilt thíreolaíoch soiléir anois. Is fiú a chuimhneamh nach coimhlint reiligiúnach nó idé-eolaíoch atá idir an dá dhream, ach streachailt chumhachta, go príomha idir beirt fhear, Abdel Fattah al-Burhan atá i gceannas ar fhórsaí armtha na Súdáine agus ceannaire na Súdáine, agus Mohamed Hamdan Dagalo, nó Hamedti mar is fearr aithne air, atá i gceannas ar an bhFórsa Mearthacaíochta.
Níl aon fhigiúirí cruinne ar fáil faoi thaismí an chogaidh seo ach meastar go bhfuair breis is 150,000 duine bás go díreach mar gheall ar an troid agus go bhfuair 522,000 páiste eile bás mar gheall ar mhíchothú sa ghorta a lean an cogadh seo. Tá 25 milliún duine san iomlán i mbaol ocrais, 8.8 milliún duine easáitithe agus 3.5 milliún teifeach ann. Cé nach féidir brath go hiomlán ar na figiúirí luaite, níl aon amhras ann ach go bhfuil géarchéim dhaonnúil ar siúl sa tír.
D’eascair an Fórsa Mearthacaíochta as na mílistí éagsúla Arabacha darb ainm an Janjaweed a raibh droch-cháil orthu as cinedhíothu, éigniú agus creachadóireacht i gcoinne pobail neamh-Arabacha, na pobail Fur, Masalit agus Zaghawa, i gCúige Darfur in iarthar na tíre le linn cogadh áitiúil sa chúige sin idir 2003 agus 2020.
Ag an am, bhí an Janjaweed ag gníomhú i dteannta le rialtas Omar al-Bashar, a ghabh cumhacht in 1989 go dtí gur chuir réabhlóid a raibh tóir na ndaoine uirthi as cumhacht é in 2019. D’eascair an choimhlint chumhachta idir na dreamanna éagsúla tar éis na réabhlóide seo agus níor comhlíonadh na geallúintí córas níos daonlathaí a thabhairt isteach.
Tá cur isteach ag fórsaí eachtrannacha sa chogadh seo, leis an Éigipt ó Thuaidh ag tacú le Fórsaí Rialtais al-Burhan agus Aontas na n-Éimíríochtaí Arabacha ag tacú leis an bhFórsa Mearthacaíochta faoi cheannas Hamedti. B’fhiú a chuimhneamh go bhfuil an tSúdáin saibhir i dtaobh acmhainní nádúrtha de le hola, gás nádúrtha agus mianacha óir. Tá sé curtha i leith an Aontas na n-Éimíríochtaí Arabacha go bhfuil siad ag soláthar gléasanna cogaidh, armlóin agus drón don Fhórsa Mearthacaíochta, ach séanann siad é seo.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an cogadh seo ag druidim chun deiridh le críochdheighilt éifeachtach mar thoradh air. Cothaíonn sé seo an fhadhb chéanna a ghabhann leis an tSomáil, a bhfuil cuid de, Críoch Shomáile, ag feidhmiú mar thír neamhspleách ach gan aon aitheantas idirnáisiúnta. Le críochdheighilt, tá gach seans ann go dtarlóidh an rud céanna don stát san iarthar, ag feidhmiú go neamhspleách ach gan aon aitheantas. Tá príomhchathair na Súdáine, Cartúm, scriosta ag an troid agus dá bhrí sin bhog al-Burhan gníomhaíochtaí agus dualgais na príomhchathrach chuig Port na Súdaine ar an gcósta de bhrí go bhfuil cúrsaí i bhfad níos sábhailte ansin.