
Grianghraf: Rossographer / Geograph.co.uk
Tá ainm Troy Parrott go mór i mbéal an phobail le coicís anuas, ó fuair sé tréchleas in aghaidh na hUngáire. Bhí cuid mhór den tír gafa lena dhraíocht an oíche úd. Ach níorbh amhlaidh an scéal i bpócaí áirithe sa tuaisceart.
Agus foireann sacair na sé chontae fichead, “Poblacht na hÉireann”, agus foireann sacair na sé chontae, “Tuaisceart Éireann” imithe ar aghaidh chuig na babhtaí cáilithe don chorn domhanda, is fiú súil a chaitheamh ar na cúiseanna stairiúla gurb ann do dhá fhoireann, murab ionann agus an rugbaí.
Ar an 7 Márta 1921 bhuail Coiste Achomharc Chumann Sacair na hÉireann (IFA) le chéile chun cluiche athimeartha leathcheannais Chorn na hÉireann idir Shelbourne Bhaile Átha Cliath agus Glenavon na Lorgan a eagrú. Imríodh an chéad chluiche i mBéal Feirste agus chríochnaigh sé ar comhscór.
Samhlaíodh go mbeadh an cluiche athimeartha ar siúl i mBaile Átha Cliath. Agus buairt slándála á lua de dheasca Chogaidh na Saoirse a bhí ar bun, chinn an coiste nach raibh sé sábháilte an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath. Ordaíodh go gcaithfeadh Shelbourne filleadh ar Bhéal Feirste in athuair. Dhiúltaigh Shelbourne agus díbríodh as an gcomórtas iad.
Cáineadh an cinneadh i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ar cheann de na cúiseanna ba mhó gur chinn Cumann Sacair Laighean briseadh ó Chumann Sacair na hÉireann níos deireanaí an bhliain chéanna agus Cumann Peile na hÉireann (FAI) a bhunú.
Chreid go leor sa deisceart go raibh claonadh i dtreo Bhéal Feirste i measc Chumann Sacair na hÉireann. Idir 1882 agus 1921, níor éirigh le himreoirí ó Chúige Laighean ach 75 caipín idirnáisiúnta a bhaint, i gcomparáid leis an 798 a bhain imreoirí a bhí bunaithe in Ulaidh. D’óstáil Béal Feirste 48 cluiche idirnáisiúnta i rith na mblianta céanna, ach, ar an láimh eile níor imríodh ach 6 idirnáisiúnta chluiche i mBaile Átha Cliath.
Sa mhullach air sin, ba bheag an ionadaíocht ó Chúige Mumhan ná Laighean ar chomhairle agus coistí Chumann Sacair na hÉireann. Bhí an móramh ag Cúige Uladh ar na boird úd, agus ionadaithe ó Chontae Aontroma go háirithe go mór chun cinn nuair a deineadh cinntí tábhachtacha. Bhraith clubanna sacair sa deisceart go raibh siad thíos leis i dtaobh airgid de chomh maith.
D’áitigh lucht tacaíochta Chumann Sacair na hÉireann go raibh fás mór tagtha ar an spórt i mBéal Feirste thar aon áit eile, gurb ann a bhí na clubanna iomaíocha agus an ghairmiúlacht fadbhunaithe i measc chlubanna na cathrach. Luadh, lena ais sin, drochthinreamh na n-ionadaithe as Laighin agus an Mhumhain ag cruinntithe an chumainn mar chúis gan an ionadaíocht a leathnú amach ó dheas.
Bhí ról ag an bpolaitíocht san aighneas chomh maith dár ndóigh. Bhí aontachtóirí mór le rá i measc na n-oifigeach sinsearach i gCumann Sacair na hÉireann. Chuir foréigean i dtús na 1920í go mór leis an teannas chomh maith. Léirigh eachtraí foréigneacha ag cluichí go bhféadfadh an choimhlint náisiúnta tionchar a imirt ar chúrsaí sacar. In 1920, le linn cluiche idir Glentoran agus Ceiltigh Bhéal Feirste sa Chorn Éireannach, tógadh gunnáin amach.
Ina dhiaidh sin, in 1921 ba léiriú ar easpa neodracht pholaitiúil Chumann Sacair na hÉireann “eachtra na mbratach” i bPáras an bhliain sin. Chuir buíon mac léinn ón deisceart an trídhathach ar foluain ach d’iarr oifigigh Chumann Sacair na hÉireann go ndíbreofar iad.
Nuair a d’eagraigh Sinn Féin feachtas baghcait ar earraí ó Bhéal Feirste, i dteannta an fhoréigin sheictigh i gcoinne Caitliceach, bhraith go leor daoine a bhí bainteach leis an sacair sa deisceart nár chóir glacadh le stiúir aontachtóirí Bhéal Feirste ar an spórt.
Nuair a scar Cumann Laighean ó Chumann Sacair na hÉireann in 1921, bhí an eagraíocht réidh leis an gcluiche ó dheas a bhainistiú. Bhunaigh Cumann Peile na hÉireann comórtais sraithe agus choirn. Tháinig 8 gclub i dtreo na heagraíochta nua agus fágadh 6 cinn leis an eagraíocht thuaisceartach. Bhí Sraith Cheantar na bhFál mar chuid de Chumann Peile na hÉireann, rud a chur lena sheasamh mar eagraíocht uile-Éireann.
Sa bhliain 1922 rinne an eagraíocht nuabhunaithe iarratas páirt a ghlacadh in FIFA agus liostáladh roinnt cumainn réigiúnda faoina stiúir. D’fhreastail i bhfad níos mó daoine ar an gcéad chluiche ceannais coirn de chuid Chumann Peile na hÉireann ná mar a d’fhreastail ar a mhacasamhail a reáchtáil Cumann Sacair na hÉireann an bhliain chéanna, rud a chuir go mór le muinín na heagraíochta nuabhunaithe.
Ainneoin an dul chun cinn seo, ba iad Cumann Sacair na hÉireann a bhí i gceannas i dtaobh cúrsaí aitheantais idirnáisiúnta go fóill. Chur Cumann Peile na hÉireann feachtas ar bun chun aitheantas a fháil ó FIFA agus na cumainn Bhriotanacha, agus d’aithin na heagraíochtaí iad in 1923 agus 1924 faoi seach. Ach bhí coinníoll mór amháin i gceist; nach ndéanfadh an eagraíocht rialú ar an spórt ach i sé chontae fichead an tSaorstáit.
Rinneadh iarrachtaí sacair sa tír a athaontú idir 1924 agus 1934, ach theip ar na hiarrachtaí de bharr easaontais faoi cheannaireacht agus ionadaíocht ar Bhord Idirnáisiúnta na gCumann Sacair. Bhí drogall ar an dá thaobh cumhacht a ghéilleadh.
Chuathas i mbun cainteanna arís sna 1970í de bharr an chogaidh fhada. Agus tháinig siad fíorghar go comhréiteach. Ach bhí an cheist náisiúnta ag dó na geirbe i gcónaí, agus nuair a thosaigh na foirne idirnáisiúnta ag buachan ar an bpáirc laghdaíodh an seans ar an athaontú.
Tá scéal iomlán na scoilte le fáil i leabhar an staraí Cormac Moore, The Irish Soccer Split a d’fhoilsigh Preas Ollscoil Chorcaí in 2015.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.