Caifé úr Gaelach oscailte i mBaile Muineacháin

D’oscail an Nead an tseachtain seo caite agus beidh an caifé ag tacú le Muineachán le Gaeilge

Jack Mac Íomhair 

Le cúig bliana anuas, tá Muineachán le Gaeilge ag feidhmiú ó oifig bheag ar Shráid na Páirce i mBaile Mhuineacháin. 

D’eagraigh Muineachán le Gaeilge go leor imeachtaí san oifig sin ach bhí sé i gcónaí mar sprioc ag an ghrúpa teacht ar thuilleadh spáis chun cuidiú le gaelphobal Mhuineacháin, pobal atá ag dul ó neart go neart. 

Anois tá an lá sin tagtha agus is cúis áthais do phobal na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Muineachán le Gaeilge tar éis seilbh a ghlacadh ar an tsuíomh ina raibh siopa caife Missy A’s, béal dorais le hoifig Mhuineachán le Gaeilge. 

Is é An Nead an t-ainm nua a bheidh ar an spás. Dúirt Seán Ó Murchadha, Muineachán le Gaeilge, le An Páipéar gurb é ‘ceann de na fáthanna gur phioc siad an t-ainm An Nead, mar is ainm a úsáideann na bundúcasaigh i Meiriceá agus tíortha eile lena dteangacha dúchasacha féin a chaomhnú.’

‘Is togra fiontair shóisialta atá in An Nead. Téann brabus ar bith ar ais chun cuidiú le pobal Gaeilge Chontae Mhuineacháin.’

Kayleigh Trappe ag déanamh An Nead a oscailt go hoifigiúil i Muineachán Dé Sathairn seo caite

Beidh caifé ina chuid lárnach den Nead, ina mbeidh daoine agus cairde in ann cupán tae nó caife agus greim bia a fháil agus a scíth a ligean. Ach tá níos mó i gceist le An Nead. 

Beidh sé ina chultúrlann bheag don phobal. Beidh siopa beag ann ina mbeidh earraí Gaelacha ar díol chomh maith le spás le himeachtaí sóisialta a reáchtáil do gach duine. 

Beidh fáilte roimh gach duine, idir óg agus aosta, an duine atá líofa sa teanga, an duine a bhfuil cúpla focal aige, nó an duine nach bhfuil Gaeilge ar bith aige.

Osclaíodh an caifé go hoifigiúil ar an 8 Samhain agus bhí aoi speisialta, Kayleigh Trappe, i láthair chomh maith le ceol ar an lá.

Beidh An Nead ar oscailt Luan go Satharn ó 9 go 4 agus ar an Domhnach ó 9 go 2.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.