Bac curtha ar thionscadal bonneagair le hathbhreithniú breithiúnach

Cathal Ó Murchú

Tá grúpa áitritheoirí i Raghnallach tar éis bac a chur le tionscadal bonneagair náisiúnta trí athbhreithniú breithiúnach a lorg agus a fháil sna cúirteanna. Is é an córas traenach faoi thalamh ar a dtugtar MetroLink an tionscadal atá i gceist. Níl aon ainm oifigiúil Gaeilge curtha air.  Ba iad áitritheoirí, thart ar fhiche acu, ó Chearnóg Dartmouth is mó a bhí taobh thiar den iarratas don athbhreithiú breithiúnach, ach tá roinnt daoine sa cheantar seo nach bhfuil ag tacú leis an iarratas chomh maith.

Cuirfidh an t-athbhreithniú moill sa bhreis ar an líne thraenach a moladh thart ar fhiche bliain ó shin, a cuireadh ar athló le linn na géarchéime eacnamaíochta ó 2008 ar aghaidh. Ar dtús moladh dhá líne, an meitreo thuaidh a nascfadh lár na cathrach leis an aerfort agus meitreo thiar a nascfadh an t-aerfort le Tamhlacht. Tá leasuithe móra déanta ar an bplean ó shin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!