
Tá nath cainte sa Bhéarla a deir go bhfuil dhá rud cinnte sa saol, “an bás agus an cháin”. Ach, tá rud eile cinnte, is é sin go dtiocfaidh frith-Ghaelachas na meán chun cinn nuair atá an Ghaeilge i mbéal an phobail.
Bhí an Ghaelscolaíocht i mbéal an phobail le linn ré an Tíogair Cheiltigh agus an earnáil ag fás. Nuair a d’áitigh David McWilliams go raibh an Ghaelscolaíocht ag borradh i measc na meánaicme ina leabhar The Pope’s Children: Ireland’s New Elite a foilsíodh in 2005, tháinig freagra ó na seoiníní sna meáin.
Leag McWilliams an iomarca béime ar Ghaelscoil nó dhó i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun teacht ar an tátal gur rud meánaicmeach go príomha a bhí sa Ghaelscolaíocht. Cé go bhfuil claonadh i dtreo na meánaicme i mBaile Átha Cliath gur chóir dul i ngleic leis, bunaíodh Gaelscoileanna i gceantair lucht oibre chomh maith. Ar an meán, tá formhór na nGaelscoileanna sa tír, thuaidh agus theas, lonnaithe i gceantair nach bhfuil chomh rachmasach sin, ach atá faoi bhun na meánlíne saibhris.