
Grianghraf: © Kenneth Allen (cc-by-sa/2.0) geograph.org.uk
Rinne na staraithe athbhreithnitheacha an chuma a chur ar an scéal gur athmhachnamh cothrom a bhí ar bun acu. Ach ba thionscadal frithphoblachtach é ó thús. Is fíor go raibh léamh náisiúnach ar an stair chun cinn i ndiaidh bhunú stát na sé chontae fichead in 1922, stair a rinne ceiliúradh ar lucht 1916. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-athbhreithniúchas chun cinn níos déanaí san fhichiú haois, níor deineadh iarracht an scéal a leathnú. Deineadh iarracht an scéal a iompú bun os cionn. D’áitigh na staraithe athbhreithnitheacha go minic gur gníomh neamhréasúnach, foréigneach agus seicteach a bhí sa réabhlóid. Ar an láimh eile de, áitíodh go raibh riail na Breataine nua-aimseartha agus pragmatach.
Ní scoláireacht oibiachtúil a bhí anseo. Ba léiriú é ar mhianta polaitiúla na bunaíochta ó dheas, go háirithe le linn an chogaidh ó thuaidh. Theastaigh ón mbunaíocht chéanna deighilt a chruthú idir an poblachtachas sa tuaisceart agus pobal na sé chontae fichead. Ba bhealach traidisiún na réabhlóide a cheistiú le measúlacht na bunaíochta a léiriú don Bhreatain agus don mheánaicme sheoiníneach in Éirinn.
D’eascair an tuiscint nua ar an gCéad Chogadh Domhanda as an gcur chuige athbhreithnitheach céanna. Dúradh gur laochra dearmadta a bhí sna hÉireannaigh a throid ar son impireacht na Breataine. Úsáideadh an Lá Cuimhneacháin mar ghléas “athmhuintearais”, chun náisiúnaigh agus aontachtóirí a thabhairt le chéile. Ach ní chuimhnítear ariamh ar an Lá Cuimhneacháin ar na cúiseanna ar tharla an Chéad Chogadh Domhanda, is é sin an iomaíocht idir lucht rachmais na mórchumhachtaí laistigh den chóras caipitleach-impiriúlach; iomaíocht a bhásaigh na milliúin fear den lucht oibre sna trinsí. Úsáidtear an Lá Cuimhneacháin mar léiriú ar chumhacht agus dlisteanacht reatha an impiriúlachais Bhriotanaigh go fóill, agus ó thuaidh léiríonn sé forghabháil leanúnach na sé chontae, agus tugtar dlisteanacht do na haontachtóirí antoisceacha nach mbeidh spéis acu in Éirinn aontaithe go deo.
Nuair a úsáideadh lionsa eitnea-reiligiúnda, seachas aicme, chun teacht ar chomhréiteach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta ó thuaidh ar cheisteanna cultúrtha, oidhreachta agus cuimhneacháin, is léir nach mbeadh tuiscint bhreise stairiúil i gceist ach laochadhradh ar an gCéad Chogadh Domhanda agus comhionannas do chultúr choilíneach.
Cuirtear an bhéim ar Éireannaigh a bheith “aibí” agus na fir a throid ar son na himpireachta a thabhairt chun cuimhne. Ag an am céanna, níl aon fhéinmhachnamh ar bun ag stát na Breataine, bíodh sin i dtaobh cuimhneacháin, staire nó, mar a léirigh an cinneadh faoi Dhomhnach na Fola le déanaí, cóir.
Táthar de shíor ag súil go ndéanfaidh an dream a ndearnadh coilíniú orthu athbhreithniú ar a stair. Ag an am céanna leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá don impireacht.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.